Caipiteal fiontair

From Wikipedia, the free encyclopedia

Caipiteal fiontair
Remove ads

Gníomhaíocht nó beartas gnó a mbeadh riosca coibheasach nó substaintiúil ag baint leis is ea caipiteal fiontair.[1]

Thumb
Thumb

Tacaíocht

Tá tacaíocht ar leith ag roinnt Ballstát san Aontas Eorpach don chaipiteal fiontair, scéimeanna a bhfuil rialacha ag gabháil leo maidir le comhdhéanamh punainne, teicnící infheistíochta agus spriocanna infheistíochta.[2]

Thumb
infheistíocht timpeall an domhain

Níl córais ar leith den chineál sin ag formhór na mBallstát, áfach, agus is é an chaoi a ndéanann siad rialacha ginearálta a bhaineann le dlí na gcuideachtaí agus oibleagáidí i leith réamheolairí a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí gach bainisteora ciste ar mian leis 'láithrithe príobháideacha' caipitil fiontair a thairiscint ar dhlínse na mBallstát sin.

I gcomparáid le lárionaid ardteicneolaíochta agus nuálaíochta atá in iomaíocht leis, go háirithe na Stáit Aontaithe, tá tionscal caipitil fiontair na hEorpa ilroinnte agus scaipthe. Fágann an ilroinnt agus an scaipeadh sin go mbíonn drogall, drogall a bhfuil tábhacht staidrimh ag baint leis, ar infheisteoirí infheistiú a dhéanamh i gciste caipitil fiontair.[2]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads