Caisleán Cnucha

ionad daonra agus paróiste sibhialta i gContae Bhaile Átha Cliath From Wikipedia, the free encyclopedia

Caisleán Cnucha
Remove ads

Is bruachbhaile Éireannach é Caisleán Cnucha.[1] Castleknock a thugtar air i mBéarla.

Thumb
Comhartha dátheangach ar Bhóthar Chaisleán Cnucha
Thumb
Stáisiún traenach Chaisleán Cnucha
Thumb
Sráidbhaile Chaisleán Cnucha
Fíricí Gasta Suíomh, Tíreolaíocht ...

Tá Caisleán Cnucha suite ocht gciliméadar ó Chathair Átha Cliath, idir an M50 agus Páirc an Fhionnuisce, agus cónaíonn timpeall 30,000 duine ann. In aice léi tá Baile Bhlainséir, baile mór a bhfuil Lárionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ann. Tá Teach agus Eastáit Farmleigh lonnaithe idir í agus Páirc an Fhionnuisce.

Remove ads

Áiseanna

Tá neart áiseanna i gCaisleán Cnucha- mar shampla siopaí, oifig an phoist, dhá séipéil Caitliceach agus teampall Protastúnach agus stáisiún traenach san áireamh. Tá roinnt mhaith scoileanna ann- Scoil Náisiúnta Chaisleán Cnucha, scoil Castleknock Educate Together National School, Scoil Naomh Bhríde, Scoil Thomáis agus Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ag an mbunleibhéal agus Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha agus Coláiste Chaisleán Cnucha ag an dara leibhéal. Tá scoil dara leibhéal do chailíní Mount Sackville lonnaithe gar do Chaisleán Cnucha agus téann líon mór cailíní ó Chaisleán Cnucha chuig an scoil freisin.

Thumb
Ionad Pobail Chaisleán Cnucha- Lóiste an Labhrais
Thumb
Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha
Thumb
Coláiste Chaisleán Cnucha
Thumb
Oifig an Phoist, Sráidhbhaile Chaisleán Cnucha

Is í Naomh Bríd éarlamh cheantair Sráidbhaile Chaisleán Cnucha. Baineann club CLG áitiúil Naomh Bríd CLG úsáid as an ainm céanna. Tá club CLG mhór eile CLG Chaisleán Cnucha lonnaithe i gCaisleán Cnucha agus tá club sacair Castleknock Celtic lonnaithe ann freisin. Tá Óstán agus Galfchúrsa Chaisleán Cnucha lonnaithe ann freisin. Tá Grúpa Gasóga Chaisleán Cnucha lonnaithe i gceantar Lóiste an Labhrais/Baile an Chairpintéaraigh.

Freastalaíonn busanna Bus Átha Cliath an 37 agus 38 ar an gceantar.

Remove ads

Rialú agus ionadaíocht

Tá Caisleán Cnucha mar chuid de "Toghlimistéar Áitiúil Chaisleán Cnucha" i gComhairle Contae Fhine Gall. Is iad na comhairleoirí don gceantar idir 2024-2029 ná: Siobhán Shovlin (Fine Gael), Eimear Carbone-Mangan (Fianna Fáil), Ted Leddy (Fine Gael), John Walsh (Páirtí an Lucht Oibre), Ellen Troy (Aontú) agus Helen Redwood (Dlúthpháirtíocht).

Tá Caisleán Cnucha suite i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar le haghaidh toghcháin do Dháil Éireann agus i toghcheantar Bhaile Átha Cliath le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa san AE.

Remove ads

Daoine aitheanta

Féach Freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads