Caligula
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Impire Rómhánach ab ea Gaius Iulius Caesar Germanicus nó Caligula, a leasainm (31 Lúnasa 12 - 24 Eanáir 41).

Remove ads
Saol
Thóg a athair, Gearmánacas, é i nDúiche na Réine, agus tugadh an leasainm air nuair a bhí sé ina gasúir (ó caliga nó caligae, nó buatais bheag[1]).[2]
Réim
Tháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius, in aois 77 dó, nuair a bhásaigh an t-impire.

Thosaigh rialú Caligula go maith, rialtóir uasal measartha a bhí ann. Ach nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air. Deir na staraithe go raibh Caligula as a mheabhair ina dhiaidh sin. Mar shamplaː
- Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus teach striapachais a bhí sa phálás i ndáiríre.
- Chuaigh sé ar fheachtais mhíleata an-amaideach chuig an nGearmáin agus chuig an mBreatain. Bhuaileadh taomanna feirge é.
- D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta. Cuireadh olc ar na Giúdaigh nuair a tógadh dealbh i lár an teampaill in Iarúsailéim.
Dúnmharú
Mharaigh cuid den Gharda Praetóireach Caligula sa Róimh ar 24 Eanáir 41. Maraíodh a bhean chéile, Caesonia agus a iníon Julia Drusilla chomh maith.
Bhí Cassius Chaerea i mbun na ceannaircí. Bhí cuid eile na bPraetóireach thar a bheith míshásta le Chaerea, agus cuireadh chun báis é.
Tháinig uncail Caligula, Claudius, i gcomharbacht air.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads