Kevin O’Higgins

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Kevin O’Higgins
Remove ads

Polaiteoir Éireannach ab ea Caoimhín Críostóir Ó hUiginnKevin Christopher O'Higgins (7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927), agus Leas-Phríomh Aire agus Aire Dlí & Cirt Shaorstát Éireann nuair a feallmharaíodh é.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
1922
Remove ads

Éirí Amach na Cásca

Bhí O'Higgins meáite le troid in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta. Agus b'éigean dó filleadh abhaile (ní raibh sé in ann siúl timpeall is cosúil).

Cogadh na Saoirse agus Cogadh Chathartha

Thumb
Éamon De Valera, Caoimhín Ó hUiginn agus Ruairí Ó Conchúir ag bainis an Uiginnigh (1921)

Bhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse.

Thumb
le John Lavery, 1923

I rith an Chogaidh Chathartha, nar Aire Dlí agus Cirt, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis.[1] Bhí Ruairí Ó Conchúir ar dhuine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina vaidhtéir ag a bhainis. Shínigh O'Higgins an t-ordú chun é a chur chun báis.

Remove ads

Feallmharú

Thumb
Booterstown Avenue agus Cross Avenue

Feallmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann agus iad ag baint sásaimh as ar son an Chogaidh Chathartha.

Bhí sé ar a shlí go dtí an tAifreann i mBaile an Bhóthair, BÁC. Léim triúr fear amach as carr agus scaoil siad leis ocht n-uaire. Gortaíodh O’Higgins go dona agus fuair sé bás cúpla uair a chloig ina dhiaidh sin. Bhí Eoin Mac Néill, Aire Oideachais na tíre ina chuideachta ag an am agus rith sé chun cabhair a thabhairt dó.

Bhí beirt Aire eile de chuid an tSaorstáit, an tAire Hogan agus McGilligan, ag fanacht i dteach Uí Uigín ar feadh an deireadh seachtaine. Chuaigh siad sin ar Aifreann níos luaithe an mhaidin chéanna mar go raibh siad ag dul ag imirt gailf níos déanaí i rith na maidine. Ceaptar go raibh sé ar intinn ag na dúnmharaithe níos mó ná duine amháin a mharú. Phioc na feallmharaithe crosbhóthar ar a thugtar “An Cúinne Dorcha” air mar go bhfuil an méid sin crann ag fás sa cheantar.

D’fhág Ó hUigín a theach timpeall a ceathrú chun a dó dhéag chun dul ar Aifreann. Bhí an séipéal suite thart ar cheathrú míle óna theach. Fad is a bhí sé ag siúl ar an mbóthar sin tharraing carr liath isteach in aice leis agus léim an triúr fear amach. Chonacthas an carr ina dhiaidh sin ag tiomáint go han-tapa ar bhóthar Dhomhnach Broc. Ba iad na focail dheireanacha a dúirt sé, a deirtear, sula bhfuair sé bás ná “Fuair mé bás ar son na tíre. Beidh mé i gcuideachta Mhichíl Uí Choileáin”.[2]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads