Cath Verdun
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bhí Cath Verdun (Fraincis: Bataille de Verdun) ar cheann de na cathanna is tábhachtaí i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar an Fronta Thiar.

Maraíodh thart ar 300,000 saighdiúirí ar an dá thaobh, sa chath is faide den Chogadh[1]. Tá sé ar na cathanna is marfaí den Chogadh.
Remove ads
Imeachtaí

Ar an 21 Feabhra 1916, faoi cheannas an Ghinearáil Erich von Falkenhayn, d'ionsaigh Arm na Gearmáine ceantar daingean tábhachtach ar bhruacha an Meuse in oirthuaisceart na Fraince. Fearadh an cath ar thalamh dronnlaigh ó thuaidh de bhaile Verdun-sur-Meuse in oirthuaisceart na Fraince.
Ghlac an Ginearál Henri Pétain ceannas ar fhórsaí cosanta Francacha. D'éirígh leo ionsaí na nGearmánach a ruaigeadh.

Bhuaigh arm na Fraince ar arm na Gearmáine tar éis don chath leanúint ar aghaidh ó 21 Feabhra go 18 Nollaig 1916.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads