Ceannairc

From Wikipedia, the free encyclopedia

Ceannairc
Remove ads

Is éard is ceannairc ann ná éirí amach i measc grúpa daoine (go hiondúil rannóg mhíleata nó foireann loinge) chun cur i gcoinne na ndaoine os a gcionn, nó a gcuid orduithe. Úsáidtear an téarma go coitianta ar easumhlaíocht a dhéanann saighdiúirí in aghaidh oifigeach (mar shampla Ceannairc an Churraigh[1]an Cheannairc Indiach[2]), ach is féidir an focal a úsáid ar aon éirí amach in aghaidh grúpa atá i réim.

Thumb
Bhí an cheannairc ar an Bounty ar cheann de na heachtraí ceannairce is cáiliúla a tharla ar farraige.

Le linn Ré na Fionnachtana, is minic gur éirí amach i gcoinne captaen loinge a bhí i gceist le ceannairc. Tharla sé seo, mar shampla, le linn aistir Fernão de Magalhães timpeall an domhain, ar an Discovery (long Henry Hudson), agus an cheannairc cháiliúil ar an Bounty.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads