Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner

Díchobhsú agus Éirí Amach Istigh -Rúise (Meitheamh 2023) From Wikipedia, the free encyclopedia

Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner
Remove ads

Rinne fórsaí gallóglach Wagner ceannairc ar an 23–24 Meitheamh 2023 i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov na Donu agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc.[1]

Físeán: Wagner ar a shlí go Moscó
Fíricí Gasta Lipéad sa teanga dhúchais, Cineál ...
Remove ads

Imeachtaí

Saighdiúirí tuarastail de chuid na Rúise ba ea an ghrúpa Wagner, a bhí i mbun éirí amach ar an 23–24 Meitheamh 2023. Ghlac na ceannaircí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i gcathair Rostov-ar-an-Don. Cúpla uair níos déanaí, bhí fórsaí Wagner 200 km ó Moscó, nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an gceannairc.[2]

Thumb
Putin agus Yevgeny Prigozhin sa bhliain 2010, am nuair a bhí Yevgeny Prigozhin ag obair mar lónadóir

Ag labhairt i ndiaidh na ceannairce, dúirt ceannaire Wagner, Yevgeny Prigozhin nach raibh sé mar aidhm aige Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, a chur de dhroim seoil ach gur theastaigh uaidh a chinntiú go nglacfadh ceannairí na tíre "freagracht as na botúin atá déanta" sa chogaíocht. Ní coup d'état i Moscó a bhí súil aige a bhaint amach ach agóid a léireodh easpa dul chun cinn fheachtas armtha na Rúise san Úcráin.[2]

Cháin Prigozhin fórsaí slándála na Rúise go tréan an athuair agus thug le fios go mbeadh deireadh tagtha i bhfad roimhe sin leis an gcogadh in aghaidh na hÚcráine dá mbeadh an Grúpa Wagner i gceannas ar an ionradh.

Remove ads

Iarmhairtí

Sheachain an bhunaíocht i Moscó an grúpa Wagner a bhí ar a thóir, ach an am céanna, buille mór do Putin ab ea an t-éirí amach.[2]

Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Chuaigh Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis. Mhaígh sé nach raibh coup d’état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh le ceannairí an airm a léiriú.

Iarmhairtí

I mí Iúil, bhí sé maíte ag ginearál de chuid Arm na Rúise, Maorghinearál Ivan Popov, gur tugadh bata agus bóthar dó mar gur inis sé an fhírinne do na ceannairí míleata i Moscó. Dúirt sé gur thug sé solas ar fhadhbanna lena n-áirítear easpa airtléire agus saighdiúirí a bheith gortaithe nó maraithe in ionsaithe ón Úcráin. Is cosúil gur chuir Popov na teipeanna seo i leith Valery Gerasimov, Ceannaire an Airm, agus Sergei Shoigu, Aire Cosanta na Rúise, gan a n-ainm a úsáid go neamhbhalbh. Bhí an Chreimil ag iarraidh cur in iúl go bhfuil ceannairí ar fad na tíre ina seasamh gualainn ar ghualainn i ndiaidh an mhéid a thit amach leis an eagraíocht Wagner. Ach ba léir go raibh siad scoilte ar cheist ráth an chogaidh san Úcráin.[3]

Cúlra

Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí.[1]

Féach freisin

  • Grúpa Wagner
  • Yevgeny Prigozhin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads