Cealtchar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Sa Rúraíocht, is laoch na nUladh é Cealtchar (Sean-Ghaeilge Celtchar) mac Uitheachair (nó Uithidir).
Sna scéalta
Deirtear gurbh "laoch liath, ard, fíochmhar na nUladh" é Cealtchar. Chónaigh air i nDún Leathghlaise[1] (ar a dtugtar freisin Dún, nó Ráth Chealtchair[2]) i nDún Pádraig, Contae an Dúin. Ba í Findmór as Dún Sobairche, Contae Aontroma a bhean chéile.[3] Bheartaigh sé sleá darbh ainm Lúin Chealtchair, a bhfuil saint chun fola chomh láidir, go gcaithfí é a chur i gcoire nimhe chun é a smachtú.[4]
Ag fleadh tráth, thug sé dúshlán do Cet mac Mágach ar son na curadhmhíre. D'fhreagair Cet ámh go raibh Cealtchar coillte aige le sleá ag tigh Chealtchair féin.[5]
Agus na hUlaidh dúisithe as a gceas, tharrtháil Cealtchair agus Conchúr mac Neasa ochtar ban fuadaithe ó ochtar fear de theaghlach Ailille agus Méabha ag Áth Féinne.[6]
Mar chúiteamh as dúnmharú Bhlaí Briugu, a luigh lena bhean chéile, cuireadh iachall ar Chealtchar an ruaig a chur ar thrí bhagairt na nUladh.
Ba é an chéad bhagairt Conganchnes mac Dedad, a bhí i mbun díoltas a bhaint ar son dúnmharú a nia Cú Raoi. Bhí craiceann fadharcánach aige, nárbh fhéidir arm ar bith polladh. Mhol Cealtchar a iníon Niamh dó chun pósadh, agus dá bharr, fuair sí amach go marófaí Conganchnes ach d'ingne dearg-the lasta isteach i mboinn a chos. Thug sí an t-eolas seo dá hathair, a rinne mar ba ghá.
Ba é an dara bagairt ná cú fíochmhar darbh ainm Luch Donn. D'aimsigh baintreach é ina choileán, agus thóg sí é ina chú ollmhór agus dosmachtaithe. Mharaigh sé caoirigh na baintrí, ansin a mic, ansin an bhaintreach féin. Ansin, chuaigh i mbun lonnaíocht a scriosadh gach oíche. D'aimsigh Cealtchar lomán fearna, tholl amach é go ndeachnaigh a lámh tríd, agus bheirigh sé é le mil, gréisc agus luibheanna, go dtí go raibh sé righin agus solúbtha. Tháinig sé i ngiorracht an chú leis an lomán thar a láimh, agus ghabh fiacla an chú ann á bhaint. Bhí Cealtchar in ann ansin a chroí a tharraingt amach tríd a bhéal, á mharú.
Ba é an tríú bagairt ná Dóelchú, madra Chealtchair féin. D'aimsíodh é mar choileán laistigh uaigh Chonganchnes. Ní ligeadh sé ach Cealtchar é a láimhseáil, ach lá amháin d'éiligh sé agus as sin amach, bhagraíodh sé ba agus caoirigh na nUladh. Chuaigh Celtchar ar thóir an mhadra agus ghlaoigh sé air. Tháinig sé chuige agus leadhb a chosa. In aghaidh a thola, mharaigh Celtchar é lean shleá. Agus an sleá á ardú aige, rith braon d'fhuil nimhiúil an mhadra síos agus trí chorp Chealtchair, á mharú.[7]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads