Ceres (abhacphláinéad)

astaróideach From Wikipedia, the free encyclopedia

Ceres (abhacphláinéad)
Remove ads

Abhacphláinéad is ea (1) Ceres[9]Ceiréas[10] (siombail: ⚳),[11] mar a thugtaí uirthi nuair ba nós í a áireamh ar ceann de na hastaróidigh. Tá sí ag timpeallú na gréine laistigh den phríomhchrios astaróideach, idir Iúpatar agus Mars, agus is í an réad is mó sa chrios sin.

Fíricí Gasta Ainmniú sealadach, Cineál ...
Remove ads

Airíonna

Tá Ceres 950 ciliméadar ar trastomhas, le tréimhse fithise 4.6 bliain, agus í beagnach sféarúil, murab ionann agus an chuid is mó de na hastaróidigh. Mar sin, tá Ceres níos cosúla le pláinéad beag ná le gnáthastaróideach.

Thumb
Ceres, an domhain agus an ghealach

Tá Ceres beagáinín níos lú ná míle ciliméadar ar trastomhas, agus mar sin, tá sí beagáinín níos lú ná Tethys agus Dione, ach níos mó ná Mimas agus Enceladus.

Remove ads

Stair

Ba é an réalteolaí Iodálach Giuseppe Piazzi a chuir an chéad sonrú riamh in Ceres, ar an gcéad lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1801.

Thumb
Spotaí ar Ceres

Bhí sé ina ábhar díospóireachta ag Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, ar chóir dóibh Ceres agus na réada is mó i gCrios Kuiper a athaicmiú mar phláinéid, ó ghlactaí le Plútón mar phláinéad freisin. Sa deireadh thiar, bhí siad sásta catagóir an abhacphláinéid a bhunú le haghaidh réada "idir eatarthu" mar seo.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads