Tethys

From Wikipedia, the free encyclopedia

Tethys
Remove ads

Satailít de chuid Shatarn í Tethys. Ba é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú inti thiar sa bhliain 1684. Níl inti go bunúsach ach leac oighir, agus í ar ceann de na reanna neimhe is mó ailbéideachta sa Ghrianchóras - is é sin, frithchaitheann sí cuid mhór den solas a bhuaileann í. Is iad an dá shainchomhartha is mó ar dhromchla Tethys ná an cráitéar úd Odysseus ar an leathsféar iartharach, agus é 400 ciliméadar ar trastomhas, agus an gleann úd Ithaca Chasma atá céad ciliméadar ar leithead agus 2000 ciliméadar ar fad. Tá Tethys féin 1066 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Tá dhá Thraíoch ag Tethys, mar atá, Telesto agus Calypso.

  1. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  2. Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
  3. NASA FACTS (Béarla). NASA.
  4. NASA FACTS (Béarla). NASA.
  5. URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.
Fíricí Gasta Cineál, Fionnachtaí ...
Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads