Charles Darwin

nádúraí Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia

Charles Darwin
Remove ads

Nádúraí Sasanach ba ea Charles Robert Darwin [tʃɑrlz 'dɑː.wɪn] (12 Feabhra 180919 Aibreán 1882 a thug faoi deara agus a thaispeáin gur eascair speicis uilig an tsaoil seo as sinsearach coiteann: bhunaigh sé teoiric an roghnú nádúrtha.

Thumb
Charles Darwin sa bhliain 1854, cúig bliana sular foilsíodh The Origin of Species
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Chuir sé Teoiric na hÉabhlóide chun cinn ina leabhar cáiliúil On the Origin of Species sa bhliain 1859. Rinne a smaointí athmhúnlú raidiciúil ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir.

Remove ads

Éabhlóid

Sa bhliain 1831, sheol Darwin ar an rnBeagle chun farraigí Mheiriceá Theas a thaiscéaladh, agus thaistil ar fud an Aigéin Chiúin.[1] Ag éirí as a bhreathnuithe agus saothar Alfred Russel Wallace, shaothraigh sé teoiric na héabhlóide. Leag sé amach an teoiric ina leabhar On the Origin of Species by Means of Natural Selection (Ar Bhunús na Speiceas trí Mheán an Roghnaithe Nádúrtha, 1859).

De réir na teoirice seo d'fhorbair gnéithe plandaí is ainmhithe trí roghnú nádúrtha na n-athruithe sin a chuir le cumas maireachtála is atáirgthe an orgánaigh thar na glúine. 3,500 milliún bliain ó shin, ní raibh ach orgánaigh shimplí aoncheallacha mar bhaictéir ar domhan, agus faoi seo tá orgánaigh i bhfad níos casta ann, daoine is ainmhithe eile ina measc.

I rith na n-aoiseanna d'fhorbair is d'fhorás na foirmeacha simplí ina bhfoirmeacha casta. Bhain Darwin feidhm as fianaise na n-iontaisí chun an teoiric seo a shaothrú, agus tá an eolaíocht ghéiniteach ag cur léi i láthair na huaire.

Remove ads

Conspóidí

Ceanglaíodh leagan amach Darwin le hiomad smaointe, teoiricí, agus idé-eolaíochtaí eile, mar shampla an náisiúnachas idé-eolaíoch, an t-impiriúlachas, an ciníochas, an caipitleachas, eoiginic, gan trácht ar ar síleadh faoi thodhchaí teangacha.[2]

Ní fios fós gach mionphointe d'fheidhmiú na héabhlóide, agus tá an-chuid taighde ar siúl an t-am ar fad chun an scéal a shoiléiriú is a iomlánú. Tá conspóid ann ó foilsíodh leabhar Darwin idir na heolaithe a ghlacann lena theoiric is daoine a chreideann i mbrí litriúil na cruthaíochta sa Bhíobla. Ach ní conspóid eolaíochta í seo, bunaithe ar fhianaisí infhíoraithe, ach conspóid reiligiúnda is/nó pholaitiúil.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads