Cheryl
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is amhránaí, ban-aisteoir, damhsóir agus mainicín í Cheryl Ann Tweedy. Tharraing sí clú uirthi féin sa chlár Popstars - The Rivals (ITV) sa bhliain 2002. Tháinig an grúpa ceoil Girls Aloud le chéile.
Remove ads
Gairm
2008-2010: The X Factor agus 3 Words
Sa bhliain 2008 thosaigh Cheryl ag obair ar an tsraith theilifíse The X Factor mar bhreitheamh.
Sa bhliain 2009 fuair sí clú agus cáil mar amhránaí aonair le "Fight For This Love". Tá an t-amhrán seo le fáil ar an albam "3 Words".
Ar an 3 Iúil 2010, fuair Cheryl tinn le maláire, agus bhí uirthi tréimhse chúpla seachtain a chaitheamh in ospidéal dá barr. Ghlac Nicole Scherzinger a ról ar 'The X-Factor' agus í tinn.
D'eisigh Cheryl a céad albam 3 Words ar an 16 Deireadh Fómhair 2009.
2010-2012: Messy Little Raindrops agus A Million Lights
D'eisigh Cheryl a dara halbam Messy Little Raindrops ar an 29 Deireadh Fómhair 2010.
D'eisigh Cheryl a tríú halbam A Million Lights ar an 15 Meitheamh 2012.
2014–2017: Only Human agus filleadh ar The X Factor
D'fhill Cheryl ar ais go dtí The X Factor don aonú sraith déag i Lúnasa 2014. D'eisigh sí a ceathrú albam Only Human ar an 7 Samhain 2014. D'fhógair sí i mí Aibreáin 2016 go mbeadh sí ag imeacht ó The X Factor chun dul ag obair ar cheol.
2018: Cúigiú halbam agus The Greatest Dancer
I mí Iúil, 2018, d'fhógair Cheryl go raibh a cúigiú halbam beagnach críochnaithe. Bhí an chéad singil ón albam "Love Made Me Do It" eisithe ar an 9 Samhain 2018.
Remove ads
Saol Pearsanta
Phós Cheryl le Ashley Cole, peileadóir atá ag imirt le Chelsea agus Sasana, i mí Iúil 2006.[1] Scair siad óna chéile i mí Feabhra 2010, agus chuir Cole isteach ar cholscaradh go hoifigiúil i mí Bealtaine 2010.
Phós Cheryl le Jean-Bernard Fernandez-Versini, ar an 7 Iúil 2014.
Scannánliosta
Dioscliosta
- Albaim Stiúideo
- 3 Words (2009)
- Messy Little Raindrops (2010)
- A Million Lights (2012)
- Only Human (2014)
- Ceirníní Leathfhada
- 3 Words: The B-Sides (2010)
Camchuairteanna
- 2010: The Black Eyed Peas' The E.N.D. World Tour (An Eoraip)
- 2012: A Million Lights Tour
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads