Christine Charbonneau
amhránaí Ceanadach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bhí Christine Charbonneau (18 Deireadh Fómhair 1943 – 29 Bealtaine 2014) ina hamhránai agus ina scríbhneoir de chuid lucht labhartha Fraincise Cheanada.[1]
Bhí sí ar an tríú duine de cheathrar cailíní. Úrscéalaí is ea an deirfiúr is óige aici, Marie Godard.
Bhí sí ar dhuine den dream is mó a scríobh amhráin do dhaoine eile. Orthu sin tá Ginette Ravel, Renée Claude, Patsy Gallant, France Castel, Christine Chartrand, Ginette Reno, agus Sheila sa Fhrainc. Tá na hamhráin "Du fil des aiguilles et du coton", "Censuré" et "Les femmes" ("Qu'y a-t-il dans le cœur des femmes?") áirithe ar chnaga na 1970í.[2].
Remove ads
Na hamhráin is mó éileamh
Du fil des aiguilles et du coton, amhrán a thaifead France Castel i 1972[3] agus a dúirt Céline Dion i 1973,[4] nuair a tháinig sí i láthair an phobail den chéad uair in aois a cúig ag bainis a dearthár Michel.[5]
Tout va trop vite,[6] amhrán a thaifead Patsy Gallant i 1972.[7]
Les femmes (Qu'y a-t-il dans le coeur des femmes?), amhrán a thaifead Patsy Gallant i 1974 agus a chlúdaigh Sheila sa Fhrainc i 1976.[8]
Donne l'amour, amhrán a thaifead Ginette Reno i 1974.[9]
Censuré, amhrán a thaifead Christine Charbonneau i 1975.[10]
Remove ads
Tús a gairme
Rugadh Charbonneau in Montréal, Québec, in 1943, agus scríobh sí a céad amhrán in aois a dhá bhliain déag.[11] Thosaigh sí ag amhránaíocht go gairmiúil in La Butte à Mathieu in Val-David, Québec, i 1959.[12] Dhéanadh sí í féin a thionlacan le giotár fearacht a comhairleora Felix Leclerc[13] agus meas uirthi mar dhuine de mhórchumadóirí amhrán Québec.[14] Luaití Charbonneau mar chansonnier.[15] Ar feadh roinnt blianta bhíodh sí ag amhránaíocht sna tithe caife a bhí ag éirí flúirseach ag an am agus a dtugtaí "les boîtes à chansons" orthu.
Thosaigh Charbonneau ag tabhairt amhrán d’amhránaithe eile. Orthu sin bhí Ginette Ravel, duine d’amhránaithe móra na linne sin.[16] Thaifead sí siúd L'amour, amhrán le Charbonneau, ar a halbam L'amour c'est comme un jour, a d’eisigh RCA Victor Records i 1963.[17] Thaifead Renée Claude a hamhrán Je te chercherai ar (Renée Claude Volume 2), Select Records.[18] Rinne Charbonneau a céad albam le Sélect Records i 1963: ba é an teideal a bhí air Les insolences d'une jeune femme.[19]
Ar 24 Meitheamh 1965 tugadh cuireadh chun Charbonneau chun a bheith páirteach sa Fête de la Saint-Jean Baptiste,[20] lá saoire in Québec.[21]
An bhliain sin bhí an fhéile ar siúl i bPáirc Jarry i dtuaisceart Montréal, rud nach dtiteadh amach go minic. Tháinig sí féin agus amhránaithe eile os comhair breis is daichead míle duine amach.[22]
Timpeall 1967, nuair a bhí na "boîtes à chansons" ag dul i léig,[23] Lean Charbonneau uirthi ag obair ag CBC Radio and CBC Television iarraidh uirthi cúpla uair a bhith páirteach sa tsraith Coast to Coast, sraith a léirigh Anton Van de Water agus mar a raibh sí ag amhránaíocht lena lán daoine eile, fearacht Joni Mitchell,[24] Jacques Blanchet, Margo McKinnon,[25] Pauline Julien agus Gordon Lightfoot (The Travelers).[26] I 1968 rinne sí an tríú halbam, ceann ar theideal dó Christine, le Gamma Records.[27] Ba é François Dompierre a stiúrthóir ceolchoirme, agus chum sé cúpla amhrán di ina dhiaidh sin.[28]
In 1968 bhí a céad Sraith Shamhraidh teilifíse aici ag CBC agus í ina comhóstach le Jacques Blanchet ar an seó "Tête heureuse". In 1969 bhí sí ina comhóstach le Blanchet ar sheó raidió amhránaíochta ag CBC Radio: "Tour à tour".[29] I Mí Lúnasa 1969 bhí Charbonneau ina hionadaí do Cheanada ag Féile Spa sa Bheilg[30] ach níor ghnóthaigh sí duais.
Remove ads
Ag cumadh amhrán do dhaoine eile
Ba iad na 1970idí na blianta ba thorthúla aici agus an oiread sin amhrán léi á dtaifeadadh ag amhránaithe eile. Thaifead France Castel "Du fil des aiguilles et du coton," "Je le vois dans ma soupe," "Ça m'fait du bien" [31] le Profil Records agus Trans-World Records, agus bhain amach Rogha 20 an Cheoil in Québec.[32] Amhráin le Charbonneau is mó atá le fáil ar na halbaim a rinne sí in 1973, in 1974 agus in 1975. Dúirt Patsy Gallant "Tout va trop vite," "Thank you come again" (i bhFraincis), "Un jour comme les autres," "Le lit qui craque"[33], amhráin a raibh an-éileamh orthu agus a d’fhág aoibh na ndaoine uirthi mar amhránaí Fraincise in Québec.[34][35] I 1974 thug Charbonneau "Les femmes" do Gallant ("Qu'y a-t-il dans le cœur des femmes?"), amhrán atá le fáil ar an albam a rinne sí i 1974 album, Toi l'enfant, le Columbia Records. Thaifead Sheila, amhránaí Francach a raibh gean an phobail uirthi, "Les femmes" agus d’eisigh mar shingil é[36] i 1976 le Carrere Records. Bhain sé Rogha 20 an Cheoil amach sa Fhrainc[37] agus bhí sé le fáil ar an albam L'amour qui brûle en moi.
In 1974 chum Charbonneau amhrán do Ginette Reno, "Donne l'amour," agus taifeadadh é ar a halbam siúd “Aimons-nous”.[38] I 1979 thaifead Reno "Oublie-moi" ar a halbam Je ne suis qu'une chanson, a léirigh Melon-Miel Records.[39] I gceann cúpla mí bhí 350,000 albam díolta aici.
D’éirigh go maith le Michel Louvain[40] agus le Claude Valade ar liosta rogha ceoil Québec le hamhráin de chuid Charbonneau. Is beag cnagamhrán a chuir a oiread ratha ar Louvain is a chuir La dame en bleu le Mirabel Records[41][42]
Bhí tóir ar "Viens t'étendre aux creux de mes bras,"[43] Bhí an-éileamh in Québec ar "Aide-moi à passer la nuit," "J'ai dit non," "Quand tes yeux," "C'est parce que je t'aime," "Est-ce si facile" agus "Le chemin de tes rêves" agus iad á rá ag Claude Valade.[44][45][46],[47]
Ba é an cnagamhrán ba mhó ag Charbonneau "Censuré," amhrán dioscó de chuid 1975.
Fuair sí bás le hailse ar an 29 Bealtaine 2014.
Remove ads
Slán le ceol
- Nous sommes des illusionnistes
- Nous les faiseurs de chansons
- Nous mangeons de la musique
- Notre pain est fait de son
- Notre pain est fait de son
- Nous les faiseurs de chansons[48]
- (Draíodóirí atá ionainn, lucht déanta amhrán, is é an ceol a chothaíonn sinn, tá ár gcuid aráin déanta d’fhuaim, tá ár gcuid aráin déanta d’fhuaim, lucht déanta amhrán.)
Le cloisteáil
Christine Charbonneau - "Dans un jour" (1966):
Christine Charbonneau - "Mon amour, mon ami, mon frère" (1975):
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads