Ciarán Mac Donnchaidh

cispheileadóir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Ciarán Mac Donnchaidh
Remove ads

Is peileadóir é Ciarán Mac Donnchaidh. (Béarla: Kieran Donaghy) Rugadh ar an 1ú Márta 1983 i gContae Chiarraí é. D'imir sé le foireann Peil Ghaelach Chiarraí ó 2004-2018. Is é Aibhistín de Staic a chlub áitiúil i dTrá Lí. Bhuaigh Ciarán Mac Donnchaidh ceithre bhuinn Craobh Peile Sinsearach Uile-Éireann, ocht gCraobhchomórtais Mumhan agus trí theideal Náisiúnta Sraith le Ciarraí. Fuair sé trí Gradaim Réaltaí freisin.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Teaghlaigh

B'as Tír Eoghain dá athair agus as Trá Lí dá mháthair. Bhí caidreamh achrannach aige lena athair. Scar a thuismitheoirí nuair a bhí sé óg. Ba altra san ospidéal áitiúil í a mháthair.

In Eanáir 2013, Phós sé a chailín fadtéarmach Hilary Stephenson i gCoireán, Contae Chiarraí. Déag a sheanmháthair sa bhliain 2015 duine a bhí mar mháthair eile air.

Luathshaol

Cheannaigh a athair capall ar a dtugtar Palo. Bhí suim ag Ciarán agus a athair sna capaill. Bhí a dhaid tugtha don ghealltóireacht ar na capaill. Dhíol a athair Oliver a chapall chun fiacha cearrbhachais a ghlanadh.

Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, d'fhuadaigh a athair é agus a mháthair ar obair san ospidéal agus thóg sé ar siúl é go Tír Eoghain. Thug na gardaí ar ais go Ciarraí é.

Thugadh a athair cuairt ar Chiarán agus ar a dheirfiúr agus a dheartháir chuile Shatharn. D'fhill a athair ar Thír Eoghan agus Ciarán in aois a sé bliana déag.

Bhí post aige i dtús i Supermacs.

Remove ads

Saol Pearsanta

Tá sé ag streachailt le disléicse I rith a shaol ar fad. B'shin an chúis gur fhág sé a phost sa bhanc.

Gairme Spóirt

Ar dtús, d'imir Ciarán do na mhionaoisigh Chiarraí agus tar éis sin d'imir sé le Ciarraí faoi 21.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads