Clais an Easaidh
áit lonnaithe in Albain From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is baile crochtóireachta in Asaint, Cataibh, Comhairle na Gàidhealtachd ar chósta thiar-theas na hAlban, í Clais an Easaidh (Béarla: Clashnessie).[1] Tá an baile suite gar do thrá ghainmheach Linne Chlais an Easaidh ar an mbóthar B869 seacht míle ar an taobh ó thuaidh de Loch an Inbhir. Is iad seo a leanas na comhordanáidí geografacha atá aige: 58° 13′ 20.68" Tuaisceart agus 5° 18′ 51.64″ Iarthar.
Tháinig ainm an bhaile ón eas atá suite ag ceann an ghleanna san áit a bhfuil an chuid is mó de na tithe.
Bhí Clais an Easaidh bunaithe le linn Fhuadach na nGael. Dúirt Uilleam MacCoinnich faoi Chlais an Easaidh do Choimisean Napier:
- "Over fifty townships in this parish were made desolate, and the tenants were sent hither and thither [...] and when they found a resting place at all in there native land, it was on the poorest scraps, rocks and bogs,[...] subdiving their lots, and intensifiying their poverty." (de réir MacAskill])
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads

