Codladh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Staid neamhaireachtálach is ea codladh ina léiríonn duine mothálacht an-bheag don domhan seachtrach[1]. Tá an néarchóras neamhghníomhach, na súile dúnta agus an comhfhios curtha ar fionraí.
Tá an codladh íocshláinteach don duine agus don ainmhí. Déanann an neamhchodladh dochar do shláinte an duine.
Bíonn dhá phas sa chodladh a ailtéarnaíonn i rith na hoíche:
- I gcodladh domhain, léiríonn gníomhaíocht leictreach na hinchinne (an leictreinceifileagram nó EEG[2]) tonnta deilte malla (codladh toinne maille, nó SWS). Táltar hormón an fháis le linn SWS.[3]
- Gach 90 nóiméad, briseann codladh mearchorraí súl (REM)[4] isteach ar feadh 30 nóiméad. Sa dara pas seo, bíonn na matáin bogtha go hiomlán ach na súile dúnta ag corraí go tapa, an EEG mar a bheadh duine ina dhúiseacht ach ní bhíonn sé mothálach do spreagthaí.

Tarlaíonn brionglóidí le linn codladh REM, agus b'fhéidir le linn codladh SWS. Bíonn an timthriall codlata faoi stiúir ghníomhaíocht dheilíneach na néaróg i stoc na hinchinne.
Remove ads
Gnáthnós a bhíodh sa ‘chodladh deighilte’, nó an ‘codladh déphasach’, i gcuid mhór den domhan – an domhan iartharach san áireamh – go dtí gur thosaigh an réabhlóid thionsclaíoch, nuair a shocraigh úinéirí na monarchana gurbh fhearr nach mbeadh ar na hoibrithe dreas codlata a dhéanamh i lár an lae.[5]
De réir foinsí stairiúla, mheas manaigh agus seamain araon gur am den scoth iad na huaireanta ciúine, fuara sin roimh éirí na gréine chun dianmhachnamh a dhéanamh, chun díriú ar an spioradáltacht nó teagmháil a dhéanamh leis an saol eile, agus léiríonn taithí go leor ealaíontóirí go mbíonn borradh ar leith faoin gcruthaitheacht i lár na hoíche.
Go dtí an 21ú haois, i bhfad tar éis don chuid eile den domhan éirí as an nós sin, bhíodh siesta ag muintir na Spáinne, agus go dtí an lá inniu ann, is é an codladh déphasach – roinnte ina dhá chuid – a chleachtann go leor pobal bundúchasach.[5]
Remove ads
Chun codladh ‘i gceart’, molann na téacsleabhair timpeall ocht n-uaire an chloig d’aon iarraidh amháin.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads