Cogadh Iaráin - Iaráic
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ar an 22 Meán Fómhair 1980, bhris cogadh amach idir an Iaráin agus an Iaráic. Rinne Saddam Hussein ionradh ar an Iaráin. Idir na blianta 1980-1988, maraíodh b'fhéidir 1,000,000 ar an dá thaobh[1]. Úsáideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, go háirithe i mBaşûr (An Chordastáin Theas san Iaráic).
Thacaigh an tIarthar le Saddam Hussein.[2] Chuir an cogadh tús le breis imní i dtaobh soláthairtí ola agus thug sé spreagadh láidir maidir le dlús a chur le forbairt foinsí eile fuinnimh.[3]
Remove ads
1980

Tháinig Saddam aniar aduaidh ar a gcéilí comhraic, an Poblacht Ioslamach nua, a bunaíodh an bhliain roimhe sin.
1988
Chuir na Náisiún Aontaithe deireadh leis an doirteadh fola sa bhliain 1988[4], an cogadh is faide sa 20ú haois, a mhair beagnach deich mbliana.
Cuireadh tús le UNIIMOG seachtain roimh an sos comhraic foirmiúil a chuir deireadh leis an gcogadh. Imscaradh an misean, a bhí comhdhéanta de 350 breathnóir, feadh teorann na líne scortha lámhaigh a bhí 800km ar fhad. I Mí Deireadh Fómhair, cuireadh díorma pearsanra míleata Éireannach de 37 leis an misean, chomh maith le cúig oifigeach déag a bhí ag fónamh mar bhreathnóirí.[5]

Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads