Coláiste Iognáid

scoil in nGaillimh From Wikipedia, the free encyclopedia

Coláiste Iognáid
Remove ads

Scoil iarbhunoideachais i gCathair na Gaillimhe is ea Coláiste Iognáid. Scoil Íosánach ab ea an scoil le fada, ach thug an t-ord sin le fios nach mbeidís i gceannas na scoile i bhfad eile tar éis gur cuireadh deireadh lena bparóiste speisialta i gCathair na Gaillimhe. Tuigtear, ámh, go gcoimeádfar eitic láidir Chaitliceach sa scoil.

Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...

Scoil do bhuachaillí amháin ab ea í go dtí na hochtóidí, ach ó shin i leith tá sí measctha.

Tá an scoil láidir i rámhaíocht agus rugbaí, ach imrítear an-chuid spórt eile ann. Leagtar béim sa scoil ar intleacht agus spioradáltacht, agus is minic a fheictear an scoil ag díospóireacht sna comórtais náisiúnta.

Thumb
Lord Haw Haw ar an úrlár, 1945
Remove ads

Iarscoláirí

D'fhreastail William Joyce, nó Lord Haw Haw ar Choláiste Iognáid sna 1910idí. Dúradh faoi Joyce, dílseoir óg ag an am, go raibh Gaeilge líofa aige.[1]

Bhí ceannasaí Aer Arann, Pádraig Ó Céidigh, ina mhúinteoir ann ar feadh tamaill.

Iarscoláirí cáiliúla eile is ea Robert (Bobby) Molloy, an craoltóir Proinsias Mac Aonghusa, an craoltóir Sean O'Rourke, Frank Hugh O'Donnell agus iriseoir Harry McGee.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads