Comórtas Peile na Gaeltachta

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Comórtas peile Éireannach é Comórtas Peile na Gaeltachta atá á reáchtáil ó 1969 i leith. Bíonn sé ar siúl thar an deireadh seachtaine saoire bainc i Mí an Mheithimh de ghnáth. Bíonn deis ag clubanna ó na Gaeltachtaí ar fud na tíre teacht le chéile chun an pheil agus an Ghaeilge a cheiliúradh.[1]

Fíricí Gasta Spórt, Áit agus dáta ...
Thumb
Reáchtáladh an chéad chomórtas i nGaoth Dobhair.
Remove ads

Stair an Chomórtais

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil ó 1969 i leith. Is i nGaoth Dobhair a reáchtáladh an chéad dá chomórtas. Comórtas náisiúnta atá ann d’fhoirne na nGaeltachtaí ar fad. Reáchtáiltear na comórtais de réir contae ar dtúis agus bíonn na babhtaí náisiúnta ar siúl thar dheireadh seachtaine na Cincíse de ghnáth. Reáchtáiltear na comórtais i gCumann Gaeltachta éigin gach aon bhliain.

Ó 1977 i leith tá comórtais sóisir agus Sinsir i gceist. Bíonn comórtas Cailín Gaelach ar siúl i rith na deireadh seachtaine chomh maith le ionadaithe ó gach aon chumann. Eagraítear comórtais Liathróid Láimhe freisin i rith na deireadh seachtaine. Eagraítear go leor imeachtaí sóisialta go háitiúil le linn na féile.

Tá craoladh beo á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar an gcomórtas ó 1972 agus craoltar na buaicphointí agus na cluichí ceannais ar TG4 ó 1997 anuas freisin. Baineann gach uile dhuine idir imreoirí, iomaitheoirí, lucht tacaíochta agus araile taitneamh agus tairbhe as an gcomórtas ar leith seo. Bíonn cluichí peile idir na mná óna Gaeltachtaí difriúla ar siúl chomh maith céanna.

Glac Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta le moladh in 2024 a mbunreacht a athrú chun tacú le "spiorad an chomórtais maidir leis an nGaeilge". Féadfar cumann a bhíonn a n-imreoirí ag labhairt an Bhéarla "a chur ar fionraí ón gComórtas" mura ndéanann siad dul chun cinn i ndiaidh rabhadh a fháil. Togra eile ar ghlac an coiste leis ná nach mbeidh cead ag cumainn i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu an chomórtas a óstáil. Is fiú "airgead mór d’aon chumann Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil agus na mílte ag freastal ar chluichí agus go leor deiseanna urraíochta ar fáil mar chuid de".[2]

Remove ads

Na Buaiteoirí Sinsir ó 1969 i leith

Ba iad Baile Chláir na Gaillimhe a thug leo craobh shinsir na mban ag an gComórtas in 2024 "den dara huair riamh agus an chéad ó Thuar Mhic Éadaigh in 2017." An Tearmann a tháinig sa dara háit, tar éis an bua a fháil an bhliain roimhe. Is iad Clann na nGael ón a bhuaigh craobh shóisir na mban tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Fionnbarra ó Mhúsrcraí.[3]

Tuilleadh eolais Bliain, Buaiteoirí ...

Comórtas na bliana 2005

Bhí an comórtas ar bun i gCill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí anuraidh. D'éirigh thar cionn leis an gcomórtas agus tugadh moladh mór do lucht eagraithe an chomórtais. Bhí ollphobal ar an láthair in aice na páirce áit a raibh deis ag daoine greim a ithe agus bhí sé le rá ag daoine a d'fhreastail ar an ócáid go raibh béilte breátha ar fáil. Bhí béar lonnaithe san ollphobal agus reáchtáladh na h-imeachtaí sóisialta ar fad ann.

Comórtas na bliana 2009

Bhí Comórtas Peile Na Gaeltachta i Ros Muc ar an deireadh seachtaine saoire i mí an Mheithimh 2009 (30/05/09 - 01/06/09). Bhí ollphuball le taobh na páirce. Bhí bia le fail ann trí an lae agus béar ann freisin. Bhí ceol ann gach oíche (Dé h-Aoine, Satharn agus Dé Domhnaigh). Curtha i gcartlann 2008-12-06 ar an Wayback Machine

Comórtas na bliana 2011

Bhí Comórtas Peile Na Gaeltachta i gCloich Cheannfhaola ar an deireadh seachtaine saoire i mí an Mheithimh 2011(30/05/09 - 01/06/09). B'í seo an chéad bhliain a raibh Na Gaeil Óga CLG ag glacadh páirte. Bhí ollphuball le taobh na páirce. Bhí bia le fail ann trí an lae agus béar ann freisin. Bhí ceol ann gach oíche chomh maith le diosco agus Comórtas an Chailín Ghaelaigh ar oíche Dhomhnaigh.

Comórtas na bliana 2024

Bhí an comórtas ar siúl i gCill na Martra, i gContae Chorcaí. Ghlac tríocha foireann páirt sa chomórtas. I gcluichí ceannais na mban, bhí an bua ag Baile Chláir na Gaillimhe agus Clann na nGael.

I gcluichí ceannais na bhfear, bhuaigh Cill Chartha agus Naomh Muire, dhá fhoireann ó Dhún na nGall.

Comórtas na bliana 2025

Bhí an comórtas ar siúl i Ráth Chairn, i gContae na Mí.

Remove ads

Na Buaiteoirí Sóisir 1977 - 2014

Tuilleadh eolais Bliain, Buaiteoirí ...

Féach freisin

Tagairtí

Léitheoireacht bhreise

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads