Comhphobal Eorpach

From Wikipedia, the free encyclopedia

Comhphobal Eorpach
Remove ads

Ba é an Comhphobal Eorpach an chéad cheann de thrí ghallán an Aontais Eorpaigh (AE) sna blianta 1993-2009. Cruthaíodh na galláin seo mar thoradh ar Chonradh Maastricht (1992). Tógadh isteach an Comhphobal faoi Aontas na hEoraip sa bhliain 2009.

Fíricí Gasta Aintiún, Sonraí ...
Thumb
Méadú an AE
Remove ads

Stair

Thumb
an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

D'fhás Aontas na hEoraip as trí chomhphobal a bunaíodh i ndiaidh An Dara Cogadh Domhanda. Bhí aidhmeanna acu síocháin agus rathúnas a chur chun cinn san Eoraip.

I 1957 cruthaíodh an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE).[1]. Ba ea Conradh na Róimhe a cruthaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Síníodh Conradh na Róimhe ar an 25 Márta 1957 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1958. Ba iad na chéad tíortha a tháinig isteach sa CEE an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír.

Sa bhliain 1972, shínigh Éire, an Danmhairg agus an Bhreatain le chéile conradh aontachais amháin chun dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.[3]

Teangacha

Fraincis a bhí i réim sa Choimisiún sular tháinig na Béarlóirí isteach. Ach mar thoradh ar chinseal an Bhéarla, is sa teanga sin atá na cainteanna atá ar siúl faoi láthair leis na tíortha gur mian leo teacht in aontachas leis an AE.[4]

Sa bhliain 1972, cuireadh i bhfeidhm an cinneadh a bhí déanta ag na ballstáit a bhí ann go gcuirfí an Béarla isteach mar theanga oifigiúil. Níor luadh gur bhain an Béarla leis an mBreatain ná le haon bhallstát eile. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar an idirbheartaíocht idir na tíortha ar fad gur tháinig ann don Bhéarla mar theanga oifigiúil. Agust tá fianaise agam gur dhiúltaigh Éire don bhrú a cuireadh orthu glacadh le Gaeilge mar theanga oifigiúil.[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads