Corn Sacair an Domhain

From Wikipedia, the free encyclopedia

Corn Sacair an Domhain
Remove ads

Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Corn Sacair an Domhain (nó Corn FIFA an Domhain). Eagraíonn FIFA an comórtas gach ceithre bliana agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaigh an Fhrainc Corn an Domhain sa bhliain 2018, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl i gCatar sa bhliain 2022.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Cineál ...
Thumb

██ Buaiteoirí

██ Dara háit

██ 3ú háit

██ 4ú háit

██ 4ú ceannais

██ 1ú babhta

██ 2ú babhta

Féach ar Corn FIFA an Domhain 2022 don chomórtas reatha.

Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna cluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna cluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna cluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.

As an aon comórtas is fiche a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag ocht náisiún. Tá cúig bhua ag an Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite ag an Iodáil agus an Ghearmáin. Tá dhá bhua ag Uragua, an Airgintín agus an Fhrainc, agus tá ceann amháin ag Sasana agus an Spáinn. Is iad an Fhrainc curaidh an domhain faoi láthair.

Remove ads

Na Comórtais

Tuilleadh eolais Bliain, Óstaigh ...
Eochair
  • ab — tar éis am breise
  • pion. — ciceanna pionóis
Remove ads

Tagairtí

  1. Ní raibh aon chluiche don 3ú háit go hoifigiúil sa bhliain 1930. Chaill S.A.M agus an Iúgslaiv sna cluichí leathcheannais, ach tá S.A.M aitheanta ag FIFA sa 3ú háit, mar gur éirigh siad ní ba fhearr sa chomórtas ina iomlán.
  2. Ní raibh aon chluiche ceannais imeartha sa bhliain 1950. Rinneadh grúpa de cheithre fhoireann (Uragua, an Bhrasaíl, an tSualainn agus an Spáinn) agus bronnadh an corn ar an bhfoireann leis na pointí ba mhó. B'é an bua ag Uragua i gcoinne na Brasaíle an ceann cinniúnach, agus is é sin fáth gur feictear air mar "chluiche ceannais" an chomórtais. Mar an gcéanna, feictear ar bhua na Sualainne in aghaidh na Spáinne mar an cluiche don 3ú háit.
Remove ads

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads