Creat Windsor
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ar 27 Feabhra 2023, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach margadh nua Breatimeachta ; baisteadh Creat Windsor[1] ar an gcomhaontú Chas Ursula von der Leyen, uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le Rishi Sunak, príomhaire na R-A, i Caisleán Windsor ar an lá sin, agus tháinig siad ar réiteach.[2]

Remove ads


Tiocfaidh an margadh nua in áit Phrótacal an Tuaiscirt, má thagann agus cuirfidh clabhsúr leis an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.[3] Comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach is ea Creat Windsor, a dréachtaíodh le déileáil leis an gconstaic is mó a bhí ag seasamh roimh chainteanna an Bhreatimeachta – is é sin an teorainn ar thalamh na hÉireann.[4]

Leis an teorainn a choinneáil oscailte, is amhlaidh a socraíodh gur i Muir Éireann a dhéanfaí na seiceálacha custaim agus rialacháin a bhí riachtanach de thoradh an Bhreatain a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach. Le Creat Windsor, bhí an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar aon fhocal gur gá idirdhealú a dhéanamh idir earraí as an mBreatain atá ag teacht anall go Tuaisceart Éireann don mhargadh sin, agus earraí atá le seoladh ó dheas thar an teorainn gan aon seiceáil agus isteach sa mhargadh aonair in Éirinn nó ar aghaidh.[4]
Remove ads
Dá nglacfaí leis an gcomhaontú, bheadh
- Fáil ag muintir an Tuaiscirt ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh araon.[5]
- Cuirfear ar ceal bacainní trádála idir an Bhreatain agus an Tuaisceart, mar shampla lánaí 'glasa' agus 'dearga' d’earraí a thiocfadh as an Ríocht Aontaithe.
- Ceadófar do pholaiteoirí i dTionól Stormont dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh a chrosadh i gcúinsí áirithe; beidh cead ag Tionól Stormont aon athruithe ar na rialacha a dhiúltú.[6]
- Dlí na hEorpa fós i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, agus ceannas i gcónaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.[7]
Rinneadh an margadh le súil go mbunófaí an athuair Tionól agus Feidhmeannas Stormont, a bhí ar fionraí le bliain. Bhunaigh an DUP 'painéal' chun comhairle a chur ar an bpáirtí faoi Chreat Windsor.[8]
Remove ads
Ar 22 Márta 2023, bhí tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach don Chreat, le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP.[9] Dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí. Dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht” cé go raibh an Creat agus An Prótacal (polasaí Johnson in 2020/21) mar a chéile.[10]
Ba mhór ag a lán lucht gnó agus táirgeoirí bia i dTuaisceart Éireann an rochtain gan srianta a bheadh acu ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh chomh maith le margadh na Breataine Móire. Bhí súil freisin go mbeadh an Tuaisceart an-tarraingteach d’infheisteoirí ón iasacht a dteastódh uathu a bheith in ann déileáil sa dá mhargadh gan aon stró.[11]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads