Cumann Cosanta Uladh

grúpa paraimíleatach i dTuaisceart Éireann From Wikipedia, the free encyclopedia

Cumann Cosanta Uladh
Remove ads

Is grúpa paraimíleata[1] ci dTuaisceart Éireann é Cumann Cosanta UladhCCU (Béarla: Ulster Defence Association, nó UDA). Bunaíodh é i Meán Fómhair 1971 mar scáthghrúpa do ghrúpaí dílseoirí éagsúla[2] agus thug sé faoi fheachtas armtha ar feadh beagnach 24 bliain mar rannpháirtí sna Trioblóidí. An sprioc a bhí aige, mar dhea, ná ceantair dhílseachta Phrotastúnacha a chosaint,[2] agus dul i ngleic leis an bpoblachtánachas, go háirithe an tIRA Sealadach.

Fíricí Gasta Sonraí, Ainm gearr ...
Remove ads

Na Trioblóidí

Bhí an CCU freagrach as níos mó ná 400 bás le linn na dTrioblóidí. Ba shibhialtaigh Chaitliceacha Éireannacha formhór na n-íospartach,[3][4][3] a maraíodh go randamach uaireanta, mar dhíoltas as ionsaithe de chuid an IRA ar Phrotastúnaigh ó am go ham.[5][6]

I measc na n-ionsaithe a rinne an grúpa tá Sléacht Annie's Bar, an t-ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn, lámhach na ngeallghlacadóirí Sean Graham agus James Murray, dúnmharuithe Charraig Ceasail, dúnmharuithe Paddy Wilson agus Irene Andrews, agus sléacht Rising Sun. I dTuaisceart Éireann a tharla formhór na n-ionsaithe, ach ó 1972 ar aghaidh, rinne an CCU buamálacha i bPoblacht na hÉireann freisin.

Sna 1970idí, chuaigh baill den CCU ar patról go hoscailte sna ceantair seo agus smachtíní ar iompar acu, agus d'eagraigh siad mórshiúlta agus slógaí móra.

Bhí grúpa ann laistigh de CCU a raibh sé de chúram orthu ionsaithe paraimíleata a dhéanamh a d’úsáid an t-ainm Ulster Freedom Fighters (UFF) ionas nach gcuirfí cosc ar CCU. Chuir rialtas na Breataine cosc ar an UFF mar ghrúpa sceimhlitheoireachta i mí na Samhna 1973, ach níor cuireadh cosc ar CCU féin go dtí Lúnasa 1992.[7][8]

Remove ads

Níos déanaí

D’fhógair an CCU sos comhraic ar an 13 Deireadh Fómhair 1994 agus chuir siad deireadh lena bhfeachtas in 2007. Ach lean cuid dá mballraíocht ar aghaidh le foréigean.[9]

Inniu tá na paraimíleataigh gníomhach agus ag earcú ball nua. Sceith bhéil is ea daoine sa CCU (agus san UVF agus Red Hand Commando) as coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid ó lucht gnó agus imeaglú. Scáth eagraíocht do na paraimíleataigh dhílseacha an LCC, nó an Chomhairle Pobal Dílseach, a bunaíodh in 2015. Ba é cuspóir na heagraíochta cuidiú leis na grúpaí sin cúl a thabhairt le lámh láidir agus coiriúlacht. Inniu, is léir go bhfuil teipthe ar an bpróiseas claochlaithe.[10]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads