Daghdha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
I Miotaseolaíocht na nGael, duine de phríomhlaochra na dTuath Dé Danann é (An) Daghdha (Dea-dhia) nó Eochaid Ollathair (Sean-Ghaeilge In Dagda), léirithe mar shamhail d'athair, rí agus draoi.[1][2][3] Tá gaol ar leith aige le torthúlacht, talmhaíocht, fearúlacht agus neart, chomh maith le draíocht agus eagna.[1][2][4][5] Tá smacht nó tionchar aige ar bheatha agus bás, aimsir agus barra, am agus na séasúir.
Remove ads
Sanasaíocht
Creidtear go bhfuil an t-ainm Dagda fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltos *Dagodeiwos, "an dia maith" nó "an dia mór".[6] Ar deireadh d'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainmfréamhaithe ón bPrót-Ind-Eorpais *Dhagho-deiwos, "lonrach-diagacht".[7] Tá an chéad chuid gaolta le "day"[8] as Béarla, agus focal b'fhéidir rianaíonn an smaoineamh "breáthacht". Thiocfadh an sanasaíocht leis an nasc atá ag an Daghdha leis an ngréin agus an domhan, le ríogacht agus feabhas. Thiocfadh *Dhago-deiwos isteach san Phrótai-Cheiltis mar *Dago-deiwos, imeartas focal más ea le *dago-s, Sean-Ghaeilge dag, deg-, Nua-Ghaeilge dea-.[9] Is foirm scioptha den fhocal "dia" a bhí in "da" na SeanGhaeilge.
Remove ads
Bua-ainmneacha
Bhí roinnt ainmneacha agus buafhocal ag an Daghda a léiríonn a shaintréithe.[10]
Cur síos
Insítear go minic gur fear nó fathach mór féasógach a bhí ann,[4] ag caitheamh bhrat cochaill.[20] De réir Leabhar Gabhála na hÉireann (an príomhfhoinse atá againn ar imeachtaí na dTuatha Dé Danann), bhí goile iontach mór ar Dhaghdha. In eachtra amháin, d'ith sé a oiread sin anlainn ag tigh na bhFomhórach nach bhféadfadh a bhratt a thóin a chlúdach.
Sna scéalta, deirtear gur phearsa ollchumhacht ba ea é. In ainneoin sin, deirtear scaití gur dhallarán é, gáirsiúil, barrúil fiú, ag caitheamh ionar gearr garbh a chlúdaigh ar éigean a thóin, ag tarraingt a bhoid mhóir ar an talamh.[21] Meastar gur chuir scríobhaithe Críostaí na tréithe seo, le haghaidh an ghrinn. Tá an cur síos sa Chóir Anmann Meán-Ghaeilge níos ómósaí: "He was a beautiful god of the heathens, for the Tuatha Dé Danann worshipped him: for he was an earth-god to them because of the greatness of his (magical) power."[22]
Déithe
Ó thús, d'fhéadfadh é gur leagan den Daghda é Donn, dia an bháis agus na sinsearachta,[23] (aitheanta scaití mar Daghda Donn). Tá cosúlachtaí ann chomh maith idir é agus dia an fhómhair, Crom Dubh.[24] Ba é an Dagda a sinsear dar le roinnt treibheanna a ainmníodh as, amhail is an chlann Uí Eachach (Iveagh) agus na Dáirine.
Is amhlaidh go bhfuil gaol ann idir a dheartháir Oghma agus dia na nGallach, Ogmios, léirithe mar seanfhear agus cleith aige, agus ar cheann the closest Gaulish parallels to the Daghda. Is é Sucellus, an buailteoir, léirithe le casúr agus cuach, dia na nGallach eile a cheaptar go bhfuil gaol aige leis an Daghda.
Samhlaíodh an Dagda le dia na Lochlannach, Odin,[1] agus dia na Rómhánach, Dis Pater (Jupiter).[4]
Remove ads
Teaghlach agus caidrimh
Ealatha mac Dealbaoithe, Fomhórach, ba ea athair an Daghda.[25] Ní ainmnítear a mháthair, agus dá bharr is leath-Fhomhórach é ar a laghad.
Deirtear go raibh beirt deartháireacha aige, Nuada Aigéadlámh agus Oghma, ach is amhlaidh gur léiriú é seo de nós na dtrédéithe.[4] I bhfoinsí eile, níl ach Oghma ann mar dheartháir dó, an bheirt dheartháireacha.[26]
Mór-Ríoghain ba ea bean chéile an Daghda; glaotar "an bhean chéile éadmhar" uirthi.[4][27] Bhí iníon acu, an bandia Brigit.[26] Ba í Bóinn a leannán, cé go raibh sí pósta le hEalcmhar.[28] Um a gcaidreamh a cheilt, chuir Daghda an ghrian ina stad ar feadh naoi mí, agus de thoradh sin, gineadh, iompraíodh agus rugadh Aengus laistigh d'aon lá amháin.[29]
I dteannta le hAengus, bhí i measc a pháistí Brigit, Bodhbh Dearg, Cermait, Midhir, Áine agus Áed.[1] Sa Dindsenchas, déanann an Dagda d'Áine cliabh cipín a ligeadh leis an lagtrá agus a nach ligeadh leis an lántrá.[30]
Remove ads
Áiteanna agus earraí
Deirtear go raibh cónaí ar an Daghda i mBrú na Bóinne. I measc áiteanna eile gcúlra leis nó ainmnithe as, tá Cnoc Uisnigh, Grianán Ailigh, agus Loch nEathach.
Bhí bachall draíochta aige, an lorg anfaid[31] (nó mór), a mharaíodh leis an gcionn, ach athbheodh leis an gcois. Bhí coire ar leith aige, an coire ainsic, nach bhfolmhaíodh riamh, a shásaíodh goile chách, agus a raibh liach chomh mór sin aige gurbh fhéidir beirt dul laistigh ann.[32] Bhí cláirseach aige, Uaithne, a chur na séasúir in ord agus an Daghda á seinm. Insítear i bhfoinsí eile go mbíodh sí i gceannas ar cath. Bhí crainn torthaí síor-iompartha aige, agus dhá mhuc, ceann acu ag fás go síoraí, an ceann eile ag róstadh go síoraí.
Remove ads
Seanscéalta
Roimh an Dara Cath Maighe Tuireadh, thóg an Daghda dún Bhreas (dá bharr, Dún Breise) agus chuir ríthe na bhFomhórach, Ealatha, Indech and Teathra ráthanna a thógáil dóibh féin ráthanna.[26] Nuair a d'fhiafraigh Lugh den Daghda cén chumhacht a mbeadh aige in éadan na bhFomhórach, thug sé mar fhreagra:[26]
Díreach roimh an gcath, ar an Samhain, luigh sé le Mór-Ríoghain, bandia an chatha, mar chúiteamh ar phlean catha.[21][38]
In Aislinge Óenguso, thug an Daghda i dteannta le Bóinn, cabhair d'Aengus ar tóir a stóir.[39]
Agus Aengus ar shiúl[40], roinnigh an Daghda a chuid tailte ar a chlann, agus fágadh tada d'Aonghas. D'iarr Aonghas dá athair arbh fhéidir leis cur faoi i mBrú na Bóinne ar feadh "lae agus oíche", agus thoiligh an Daghda. Ní hé "lá amháin" a bhí i gceist ag Aengus, agus dá réir sin, ghlac sé seilbh ar Bhrú na Bóinne go síoraí. In Tochmharc Éadaoine, ámh, is é an Daghda a chabhraíonn Aengus um Bhrú na Bóinne a bhaint d'Ealcmhar leis an gcleas céanna.[39]
I ndán maidir le Maigh Muirtheimhne, chuir an Daghda an ruaig ar octapas lena lorg anfa, agus ar sé: "Taí do chenn cúasachtach.[41] Taí do chorp císachtach. Toí do thul toghuidhe. Báig thúaigh" ("Cas do cheann cuasach. Cas do chorp salach. Cas d'éadan ionsúiteach. Imigh leat!"). Chuaigh an mhuir i dtrá in éineacht leis an ainmhí, agus fágadh Maigh Muirtheimhne ina diaidh.[42]
I ndúan an Dindsenchais, Aileach, insítear gurbh é "Dagda daith,[43] ba deog de neim, flaith for fleid fodla[44] co fuin" ("Daghda mear, le deoch de nimh, flaith fodhla na fleidhe go tráthnóna"). Insítear gur trí na hÉireann é, le hiliomad giall, flaith fial seang, gur chú faoil é, agus gurbh iad Cermait, Aengus, agus Áed a mhic.[45]
Remove ads
Bás
Bhí an Daghda i réim mar rí na dTuath Dé Danann ar feadh seachtó nó ochtó bliain (ag brath ar fhoinse), sula bhfuair sé bás i mBrú na Bóinne, ag éag sa deireadh de chneá a thug Cethlenn dó i rith an dara Cath Maighe Tuireadh.[46]
Tuilleadh le léamh
- Bergin, Osborn (1927). "How the Dagda Got his Magic Staff": 399–406. Dáta rochtana: 2010-03-10.
- Sayers, William (1988). "Cerrce, an Archaic Epithet of the Dagda, Cernnunos, and Conall Cernach". The Journal of Indo-European Studies 16: 341–64.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads