Oghma
dia i seanchas na nGael From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
I Miotaseolaíocht na nGael, ba de shliocht Tuatha Dé Danann Oghma (Sean-Ghaeilge Ogma). Meastar go minic gurbh é dia na cainte agus na teangan, chomh maith leis na solabharthachta agus na foghlama. Deirtear gur chum sé aibítir an Oghaim agus gur uaidhsin a thagann a hainm.[1]
- Baineann an t-alt seo leis an dia i miotaseolaíocht na nGael; má tá suim agat san iris liteartha, féach Oghma (iris).
Remove ads
Sinsearacht agus Muintir
Ba é Elatha a athair agus b'í Eithne a mháthair a deirtear de ghnáth,[2] Éadaoin scaití.[3]. Sa chlann leis, bhí Daghdha, Fiacha, Delbáeth, Allód agus Bres. Ba iad Dealbhaodh[4] agus Tuireann beirt i measc a mhac.[5]
Faightear go minic é mar bhall de thré le Daghdha (a lándeartháir) agus Lugh (a leasdeartháir), aitheanta scaití mar na trí dé dána,[6][7] cé go dtugtar an t-ainm sin go dreamanna eile i bhfoinsí áirithe.
Remove ads
Gaol le Ogmios
Is amhlaidh go bhfuil gaol ann idir é agus dia na nGallach, Ogmios.
Tá molta ag scoláirí mhiotaseolaíocht na nGael gur iarsma é Oghma de dhia ársa ceilteach. Cuirtear é le taobh Ogmios (a chuirtear le taobh Heracles) de dheasca a chalmachta catha mar aon le gur chum sé an tOgham. Cuireann J. A. MacCulloch buafhocal Oghma, grianaineach, i gcomparáid le cur síos Lucian ar "aghaidh aoibhiúil" Ogmios, agus molann gur laoch na dTuath Dé Danann é de bharr "an tsean-nóis um croíthe na laochra roimh chath a tharraingt le hóráidí solabhartha",[8] cé nach bhfuil a leithéid soiléir sna téacsanna. Séanann scoláirí mar Rudolf Thurneysen agus Anton van Hamel nasc ar bith idir Oghma agus Ogmios.[1]
Remove ads
Cath Mhaighe Tuireadh
Throid Oghma sa chéad chath Mhaighe Tuireadh, nuair a chuir na Tuatha Dé Danann na Fir Bholg faoi chois agus chloígh Éire.[9]
Agus an leath-Fhomhórach Bres i réim, cuireadh na Tuatha Dé faoi chois. B'éigean d'Oghma adhmad tine a iompair, ach ba é an t-aonar a chalmacht a chruthú os comhair an rí. Cuireadh Bres dá choróin, agus cuireadh an full line na dTuath Dé ar ais faoi Nuada Airgeadlámh, agus ba é Oghma a churadh. Nuair a tháinig Lugh ar an bhfód agus bhagairt a chumhacht, thug Oghma dúshlán dó, ag ardú a leac mhór (nárbh fholáir de ghnáth ochtó damh chun í a bhogadh) agus chaith le teannadh í as Teamhair. Thug Lugh a fhreagra, ag caitheamh an leac ar ais.
Cheap Nuadu Lugh ina cheannaire ag an gCath, agus d'éirigh Oghma ina churadh Lugh. Gheal sé go maródh sé rí na bhFormhóraigh, Indech, agus go gcloífeadh trian dá arm. I rith an chatha, d'aimsigh sé Orna, claíomh rí na bhFormhóraigh Tethra, a d'insíodh faoi gníomhartha déanta agus é lom. I rith an chatha, thit Oghma agus Inneach i gcomhrac aonair. Tá roinnt éiginnteachta sna téacsanna, ámh; in Cath Maighe Tuireadh, tar éis an chatha, chuaigh Oghma, Lugh agus Daghdha triúr sa tóir ar na Fomhóraigh, chun cláirseach Uaitne, cruitire an Daghdha, a fháil ar ais.[10][11][12]
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads