David Tweed

imreoir rugbaí agus polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Polaiteoir Aontachtach agus gníomhaí aontachtach ab ea David Tweed,Davy Tweed (13 Samhain 195928 Deireadh Fómhair 2021).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhí obair ag Tweed mar phreabaire agus doirseoir slándála ar feadh na mblianta.

Remove ads

Rugbaí

D'imir Tweed ar cheithre ócáid i 1995 d'fhoireann rugbaí na hÉireann.

Polaiteoir

Iarbhall den Ord Oráisteach a bhí ann. Chaith sé seal ina chomhairleoir áitiúil sa Bhaile Meánach.[1] ar son an DUP. Toghadh é sna blianta 1997, 2001 agus 2005. Toghadh é in 2010 ar son pháirtí an Glór Traidisiúnta Aontachtach.

Thumb
Feachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville. Leagadh Our Lady Church in 2012

Feachtas seicteach

Bhí ainm Tweed in airde i 1996 as an bpáirt a ghlac sé san fheachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville ar an mBaile Meánach.[2] Bhí Tweed i measc slua dílseoirí a dhéanadh imeaglú gach tráthnóna Dé Sathairn - agus laethanta eile - ar dhaoine a bhí ag dul ar Aifreann sa séipéal Caitliceach ansin.

Trí bliana a mhair an feachtas fuatha áirithe sin. Rinneadh loitiméireacht ar an séipéal go minic freisin.[1] Leagadh Our Lady Church in 2012.

Péidifileach

In 2012, ciontaíodh Tweed i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar leanaí idir 1988-1996.[3] Ach ceithre bliana ina dhiaidh sin, scaoileadh saor é ó phríosún ar phointe teicniúil dlí agus cuireadh a chiontú ar ceal.[1]

Remove ads

Bás

Maraíodh Tweed i dtionóisc bhóthair i gCo Aontroma ar 28 Deireadh Fómhair 2021. Bhí sé ag tiomáint gluaisrothair nuair a d'imigh sé den bhóthar i nDún Sobhairce i dtuaisceart an chontae ag thart ar 16.30.[4]

Dúirt ceannaire an pháirtí sin Jim Allister gur údar mór bróin bás Tweed.[1]

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads