Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin

From Wikipedia, the free encyclopedia

Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin
Remove ads

Is éard is dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin[1] (nó CD-ROM) ann ná meán stórála ríomhaire, bunaithe ar an dlúthdhiosca caighdeánach 25 mm, le ceadúnas ó chomhlachtaí Sony is Philips, a úsáidtear de ghnáth chun closchomharthaí a stóráil. Is féidir le diosca amháin níos mó ná 600 meigibheart sonraí ríomhaire a stóráil, cuid mhaith níos mó ná diosca crua maighnéadach den mhéid céanna. Is dioscaí léimh amháin an chuid is mó de na dlúthdhioscaí seo. Cuirtear na sonraí orthu le linn a ndéanta agus, ní hionann is an diosca crua, ní féidir iad a athrú. Is é an phríomhfheidhm a bhaintear astu ná toirteanna móra eolais a chur ar fáil, cosúil le ciclipéidí is bunachair. Le scríbhneoir CDanna, feiste cosúil le dioscathiomáint, is féidir scríobh ar CD-ROM inscríofa (féach CD-RCD-RW) agus é a úsáid cosúil le diosca flapach.[2]

Fíricí Gasta
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads