Dlúthdhiosca
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is éard atá i ndlúthdhiosca (DD nó CD, Compact Disk) ná diosca plaisteach a stórálann fuaim nó eolas digiteach. Tá sé thart ar 12 cm / 4.7 orlach ar leithead, agus 1.2 mm (0.047 orlach) ar tiús.
Is éard atá i ndlúthdhiosca fuaime ná saghas dlúthdhiosca a úsáidtear chun píosaí ceoil nó caint d'ardchaighdeán a thaifeadadh, a stórálann suas le 70 nóiméad ceol, ionchódaithe go digiteach, ar thaobh amháin.[1]
Is éard atá i ndlúthdhiosca ríomhaireachta ná dlúthdhiosca a fhormáidítear d'úsáid le hinneall ríomhaireachta. Úsáidtear iad chun téacs scríofa, íomhánna agus giotaí físeáin a chur i dtaisce. Tá na dioscaí seo idéalach do shaothair mhóra, m.sh. ciclipéidí nó ríomhchluichí.
Remove ads
Stóráiltear na giotáin mar shraith log is ardán ar rianta 1 6 um ar leithead. Cumhdaítear an diosca le hábhar frithchaiteach (alúmanam, de ghnáth) a scaipeann nó a fhrithchaitheann léas léasair ar ais i mbrathadóir fótaileictreach, a úsáidtear chun an ceol ionchódaithe ar an diosca a léamh is a sheinm nuair a rothlaítear an diosca ag luas tairiseach uilleach.[1]
Níl aon ídiú ag stíleas ar an diosca, ní chuireann máchailí ar an dromchla isteach ar a fheidhmiú, agus is beag nach foirfe an t-atáirgeadh fuaime is ceoil leis.[1]
Remove ads
Eitseáilítear poill micreascópacha ar an dlúthdhiosca le húsáid ga léasair. Tá cód digiteach sna poill seo a léiríonn an fhaisnéis atá stóráilte. Ansin, cuirtear cóta alúmanaim ar an taobh eitre.
Nuair a léitear an diosca sa tíomántán, léann ga léasair eile an cód agus déantar comharthaí leictreacha leo don ríomhaire.
Déanann an ríomhaire atáirgeadh ar an bhfaisnéis mar íomhá, mar chód fuaime, nó i bhfoirmeacha eile le cabhair feidhmchlár.
Remove ads
Sheol Philips agus Sony[2] an dlúthdhiosca sa bhliain 1982. Bhí an chéad dlúthdhiosca tráchtála fáiscithe ar 17 Lúnasa 1982, i monarcha Philips in Langenhagen (Hannover) sa Ghearmáin.[3][4] albam de chuid ABBA, "The Visitors"[5], ar an lipéad ceoil Polygram (a tháinig amach sa bhliain 1981 mar cheirnín vinile).[6] Ach níor cuireadh é ar an margadh láithreadh. Ar 1 Deireadh Fómhair 1982, díoladh an t-albam '52nd Street' de Billy Joel sa tSeapáin ar an lipéad Sony, an chéad dlúthdhiosca le fáil go poiblí.
Féach fosta
- Dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin (CD-ROM)
- Dlúthdhiosca intaifeadta (CD-R)
- Dlúthdhiosca in-athscríobhtha (CD-RW)
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads