Capall
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Mamach crúbach is ea an capall nó an t-each. Is ainmhithe móra ceathairchosacha iad na capaill. Is é Equus caballus an t-ainm eolaíoch. Úsáidtear an t-aimhe le haghaidh spóirt agus le haghaidh oibre.
Remove ads
Téarmaí


I nGaeilge na hÉíreann, is é capall an focal is coitianta, cé go n-úsáidtear each freisin. I nGaeilge na hAlban is é each an gnáthfhocal.
Stail a thugtar ar an bhfireannach agus láir a thugtar ar an mbaineannach. Tugtar searrach ar an ainmhí óg. Baineann na focail gearrán, cairiún, agus gillín le capall spochta.
Sanasaíocht
Capall
Meastar go bhfuil baint idir an focal Gaeilge “capall” agus focal na Laidine, “caballus”. Ní léir an ón bhfocal "caballus" a d'eascair an focal Gaeilge nó an focal dúchasach atá ann.
Each
Sean-Ghaeilge “ech”, Ind-Eorpais *ekwo.
Seanfhocail
- "Ní dhéanfadh an saol capall rása d’asal"
- "Cuir an diallait ar an each cóir"
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads
