Eadhadh
speiceas plandaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is speiceas crann é an t-eadhadh (Populus tremula), nó an t-eabhadh i litriú an lae inniu. Tugtar an crann creathach air freisin.[1] Tá sé dúchasach d'aeráidí measartha na hEorpa agus na hÁise, ón Íoslainn,[2] Éire, agus an Bhreatain Mhór[3] soir go Kamchatka, ó thuaidh go dtí taobh istigh den Chiorcal Artach i gCríoch Lochlann agus i dtuaisceart na Rúise, agus ó dheas go lár na Spáinne, an Tuirc, an Tian Shan, an Chóiré Thuaidh, agus tuaisceart na Seapáine. Tá sé le fáil freisin in áit amháin in iarthuaisceart na hAfraice san Ailgéir. I ndeisceart a raoin, tá sé le fáil ar airde mhór sna sléibhte.[4][5]
Na duilleoga scothliath/glas, cruinn nó ubhchruthach, le gais leata a ligeann do na lanna crith sa leoithne gaoithe is lú. Le dealrú taobh íochtarach na lainne bíonn an corraí níos suntasaí fós, agus an chuma air go bhfuil gluaiseacht leanúnach ar siúl.
Luaitear an focal 'Eadhadh', i bhfoclóirí na Gaeilge, mar an chúigiú litir den aibítir.[6]
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- [http://www.cas.vanderbilt.edu/bioimages/species/pogr4.htm Bioimages: Populus
- grandidentata]
- [https://web.archive.org/web/20100628020442/http://www.cas.vanderbilt.edu/bioimages/species/pogr4.htm
- Curtha i gcartlann] 2010-06-28 ar an Wayback Machine
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads