Edward Sabine

ginearál Briotanach (1788-1883) From Wikipedia, the free encyclopedia

Edward Sabine
Remove ads

Réalteolaí, fisiceoir is taiscéalaí a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Edward Sabine (14 Deireadh Fómhair 178826 Meitheamh 1883). I 1818 ghlac sé páirt mar réalteolaí is loingseoir in aistear John Ross don Aigéan Artach. Chuaigh sé le William Edward Parry ar a aistear i 1819 chun an Pasáiste Siar ó Thuaidh a aimsiú, ach theip orthu, bíodh is gur éirigh leo dul níos faide siar ná éinne eile. Rinne sé taighde ar réimse maighnéadach an Domhain, agus mhol gur cheart réadlanna maighnéadacha a bhunú ar fud an Domhain chun tuiscint ar an réimse is a athruithe a fheabhsú. Rinne sé staidéar ar fhad an luascadáin shimplí a mbeadh an tréimhse cothrom le 2 s, tomhas ar luasghéarú de bharr domhantarraingthe (agus neart na domhantarraingthe ag pointe ar bith ar Domhan is neamhsféarúlacht an Domhain ansin). Rinne sé breathnuithe ar theocht na n-aigéan, athrú brú an atmaisféir le hairde os cionn dromchla an Domhain, iompar carraigeacha ag oighearshruthanna, bolcáin, airíonna meitéareolaíochta, is a lán eile.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads