Eleftherios Venizelos
polaiteoir Gréagach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Dlíodóir agus státaire de chuid na Gréige ab ea Eleftherios Venizelos (Ελευθέριος Βενιζέλος ; 23 Lúnasa [O.S. 11 Lúnasa] 1864 – 18 Márta 1936 agus é ar deoraíocht i bPáras, tar éis dó a bheith daortha chun báis in absentia. Comhartha é sin de chora crua shaol na polaitíochta dó — bhí sé ina Phríomh-Aire ar an hGréig seacht n-uaire éagsúla, tháinig sé slán tríd dhá iarracht ar fheallmharú agus chaith sé dhá thréimhse ar deoraíocht.[1]

Remove ads
Saol
Rugadh Venizelos sa Chréit sa bhliain 1864.

Ní raibh an Créatach ina dhlíodóir ach ar feadh tamall gearr, sular spreag na cúinsí polaitíochta é le dul malairt treo.

Sa bhliain 1919, agus Venizelos ina phearsa charasmatach i gComhdháil Síochána Pháras — croílár na polaitíochta domhanda ag an am — dúirt sé gur chuimhinigh sé ar an uair úd le linn a óige go raibh air roghnú idir, ar lámh amháin, a bheith ina dhlíodóir ó thaobh gairme de agus ina réabhlóidí ó am go ham agus, ar an lámh eile, a bheith ina réabhlóidí ó thaobh gairme de agus ina dhlíodóir ó am go ham. Roghnaigh Venizelos an dara socrú.[2]
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads