Elijah Muhammad

ceannaire reiligiúnach Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Elijah Muhammad
Remove ads

Ceannaire Náisiún Ioslam ab ea Elijah Muhammad a rugadh leis an ainm Elijah Robert Poole ar an 7 Deireadh Fómhair, 1897 i Sandersville, Georgia agus a fuair bás ar an 25 Feabhra, 1975. Bhí tionchar nach beag ag Elijah Muhammad ar dheisceabail eile amhail Malcolm X, Louis Farrakhan, Muhammad Ali agus a mhac Warith Deen Mohammed.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhí Elijah Muhammad ar duine de thriúr dhéag clainne a saolaíodh i mbochtanas i ndeisceart na tíre. Seanmóirí agus feirmeoir ab ea a athair William Poole Sr. (1868–1942) agus bean tí ab ea a mháthair Mariah Hall (1873–1958). Bhí cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta thar a bheith géar sa chuid sin den tír — do dhaoine gorma go háirithe — agus thugadar aghaidh ar na cathracha móra ó thuaidh chun a gcuid a fheabhsú. Shocraíodar in Hamtramck, Michigan agus an Spealadh Mór fós i mbarr a réime.

Agus é i mbun oibre in Detroit fuair Elijah Muhammad an chéad bhlas d'Ioslam ag cruinniú i mí Lúnasa na bliana 1931.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads