Muhammad Ali

From Wikipedia, the free encyclopedia

Muhammad Ali
Remove ads

Dornálaí Meiriceánach ba ea Muhammad Ali (a rugadh leis an ainm Cassius Marcellus Clay, Jr ar an 17 Eanáir, 1942 i Louisville, Kentucky agus a d'éag ar an 3 Meitheamh 2016 i Phoenix, Arizona). Rinneadh curadh an domhain sa trom-mheáchan de i 1964, 1974, agus 1978. Dornálaí an-rathúil a bhí ann, agus tugadh an leasainm The Greatest air. Bhronn an iris Sports Illustrated an teideal "Fear Spóirt an Chéid" air sa bhliain 1999.

Thumb
El Grafico, Márta 1964
Thumb
1961 Cassius Clay (Muhammad Ali) vs. Donnie Fleeman
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Dornálaíocht

Bhuaigh Ali bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo sa bhliain 1960.

Ar an 29 Deireadh Fómhair 1960, bhuaigh Muhammad Ali a chéad chluiche dornálaíochta gairmiúil.

Throid Muhammad Ali in aghaidh Henry Cooper dhá uair, i 1963 agus ar an 21 Bealtaine 1966. Bhí an bua ag Ali gach uair, ach bhí na dornálaithe ag troid an méid a bhí ina gcnámha. Bhí Ali ar na rópaí i 1963, ach chuir an dornálaí a chéile comhraic dá chothrom.[1]

Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3]

Cé go raibh buaite ar Liston arís ag Ali agus ar Floyd Patterson chomh maith, faoin am a dtáinig earrach na bliana 1965,[4] persona non grata a bhí i Muhammad Ali in áiteacha go leor ina thír dhúchais.

Ar an 16 Feabhra 1978, bhuaigh Leon Spinks an Craobh Dornálaíochta Trom-Mheáchan Domhanda i gcoinne Muhammad Ali.

D'éirigh Ali as an dornálaíocht sa bhliain 1981, nuair a chlis a shláinte. Fuair sé amach go raibh Galar Parkinson air sna 1980idí.

Thumb
Ionad Muhammad Ali in Louisville, Kentucky
Remove ads

Polaitíocht

Taobh amuigh den chró dornálaíochta, gníomhaí polaitiúil ab ea Muhammad Ali freisin, agus tharraing sé conspóid lena bheo agus lena mharbh

Moslamach ceartchreidmheach a bhí ann. Ar an 6 Márta 1964, d'athraigh sé a ainm Cassius Clay go Muhammad Ali.[5] D'éirigh Muhammad Ali persona non grata in áiteacha go leor sna Stáit Aontaithe.

Tugadh cúl dó agus cáineadh é siocair bá a bheith aige le Náisiún Ioslam. Bhí a sheasamh maidir le Cogadh Vítneam agus a dhiúltú dul isteach san arm ina chnámh spairne freisin agus níor thaitin a chosaint neamhbhalbh ar a chuid tuairimí le go leor.[4]

Sa bhliain 1965, ní raibh aon stát i Meiriceá a thabharfadh ceadúnas troda dó agus dá bharr ní raibh aige ach a dhul go Ceanada.[4]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads