Eusébio

imreoir sacair Portaingéalach From Wikipedia, the free encyclopedia

Eusébio
Remove ads

Sárimreoir sacair Portaingéalach - de bhunadh Mhósaimbíc - ab ea Eusébio da Silva Ferreira (25 Eanáir 1942 – 5 Eanáir 2014). Tosaí tréitheach ab ea Eusébio, agus é ina chnámh droma de fhoireann náisiúnta na Portaingéile agus Benfica sna 1960idí. Meastar go raibh sé ar dhuine de na bpeileadóirí is fearr riamh agus ghnóthaigh sé 733 cúl sna 745 cluiche a d'imir sé le linn a ghairmréime.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhí Eusébio ar bharr a réime nuair a shroich an Phortaingéil cluiche leathcheannais Chorn Domhanda na bliana 1966 i Sasana. D'aimsigh sé an líon is mó cúl (9) sa chomórtas siúd agus bronnadh an "Bronze Ball" air mar aitheantas. Anuas ar sin, bhuaigh sé an Ballon d'Or - an duais a bhronntar ar an bpeileadóir is fearr san Eoraip - sa bhliain 1965, agus chríochnaigh sé sa dara háit sna blianta 1962 agus 1966.

An Pantar Dubh, an Péarla Dubho Rei ("an Rí) go simplí a thugtaí mar leasainmneacha air.

Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads