Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

From Wikipedia, the free encyclopedia

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Remove ads

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an FSS)[1] an eagraíocht atá freagrach as cúram sláinte a chur ar fáil in Éirinn ó dheas. Tá freagracht ag an Aire Sláinte as an bhFeidhmeannacht sa rialtas.

Thumb
Tá Ceannáras Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lonnaithe in Ospidéal an Dr Steevens
Thumb
Comhartha de chuid an Fheidhmeannacht i mBaile Munna
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Remove ads

Eagraíocht agus maoiniú

Thumb
Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo

Tá ceanncheathrú an FSS lonnaithe in Ospidéal Dr Steevens', BÁC 8. Is í an roinn rialtais atá bainteach leis an FSS go príomha ná an Roinn Sláinte.

Tá an eagraíocht maoinithe as an státchiste. Bhí buiséad bliantúil €103 billiún ag an FSS sa bhliain 2015[2], níos mó ná aon eagraíocht stát eile agus i bhfad níos mó ná an buiséad bliantúil sa bhliain 2005, €13 billiún.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an fostóir is mó in Éirinn Ag deireadh mhí na Nollag 2015 bhí 120,000 ball pearsanra, nó 103,884 coibhéis lánaimseartha fostaithe inti. (As na 103,884 CL sa bhliain 2015: bhí 63.8% (66,278) fostaithe leis an FSS. Bhí 23% (23,374) san earnáil dheonach ospidéil, agus 14% (14,232) san earnáil dheonach neamhghéar).

Remove ads

Stair

Bhí an Fheidhmeannacht curtha ar bun ag Acht Sláinte 2004 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an gcéad lá Eanáir 2005. Tháinig sé i gcomharbacht ar na Bord Sláinte agus roinnt eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eile.

Tharla ionsaí haiceála ar ríomhchoráis FSS agus na Roinne Sláinte in 2021.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads