Fritz Stern

staraí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Fritz Stern
Remove ads

Staraí Meiriceánach ab ea Fritz Stern (2 Feabhra 192618 Bealtaine 2016). Rugadh isteach i dteaghlach gairmiúil léannta é i mBreslau,[1] i gcuid den Ghearmáin atá sa Pholainn inniu. Dochtúir ab ea a athair agus oideoir páistí teoiriciúil a bhí ina máthair. Dhírigh Fritz a aird ar stair na Gearmáine, stair na nGiúdach agus an staireolaíocht.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Cé gur Liútaraigh iad baill an teaghlaigh, ba de shliocht Giúdach iad. D'imigh siad ón nGearmáin sé seachtainí roimh Kristallnacht sa bhliain 1938.[2] Chuir siad fúthu in Jackson Heights, Queens, Nua-Eabhrac. D'fhreastail Fritz ar Ollscoil Columbia i gcathair Nua-Eabhrac. Mar theagascóir ag an ollscoil chéanna, bhain sé amach an Chathaoir Seth Lowe, onóir mhór. Sna blianta 1953–1997 bhí sé ina ollamh ag Columbia. Propast ar an ollscoil ar fad é ar feadh tamaill. Ag tosú sa bhliain 1954, bhí sé ina aoiléachtóir go minic ag Freie Universität Berlin.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads