Fuadach Tiede Herrema, 1975
fear gnó Ísiltíreach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
D'fhuadaigh an tIRA an fear gnó agus tionsclaí, Tiede Herrema, ar 3 Deireadh Fómhair 1975 i Castletroy, Luimneach.[1][2]
Bhí an Dochtúir Herrema, ón Ísiltír, ina Stiúrthóir Bainistíochta ar mhonarcha Ferenka a bhí lonnaithe in Áth an Choite, Co.Luimnigh. Ba ag dul ag a chuid oibre a bhí sé nuair a fuadaíodh é.[3]
Ar 21 Deireadh Fómhair, tháinig na Gardaí go tapa ar na fuadaitheoirí i deach leathscoite trí sheomra, ag 1410 Páirc Naomh Eimhín, Mainistir Eimhín i gContae Chill Dara.[4]
Thosaigh léigear fada; thug na húdaráis neamhaird ar éilimh na bhfuadaitheoirí.
Tharraing an scéal aird na meán ar fud an domhain ag an am agus tháinig lucht na meán cumarsáide ó chian agus ó chóngar chun tuairisciú a dhéanamh ar an eachtra agus chun an scéal mór a scaipeadh.[4]
Faoi dheireadh, bheartaigh an tArd-Cheannfort, Laurence Wren go dtabharfaí an t-íosmhéid bia do na fuadaitheoirí. Ansin ar an 7 Deireadh Fómhair 1975, thug na fuadaitheoirí iad féin ar láimh do na gardaí agus scaoileadh saor an giall. Coinníodh Herrema ar feadh 36 lá. Thángthas air slán sábháilte.
Remove ads
Gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na fuadaitheoirí, Eddie Gallagher agus Marion Coyle.[5] Scaoileadh Coyle as an bpríosún in 1985, agus Gallagher in 1990.
Sular fhág na fuadaitheoirí an teach ar 7 Samhain 1975, thug Gallagher piléar beag singil do Herrema - an piléar céanna a bhí ag Gallagher chun a ghiall a mharú. Choimeád Herrema an piléar sin mar chuimhneachán ar an tréimhse sin ina shaol.
Ní raibh olc ar Herrema chuig na fuadaitheoirí. agus theastaigh uaidh bualadh leo ach in ainneoin tréaniarrachtaí a bhí déanta ag iriseoirí chun athchairdeas a dhéanamh eatarthu níor tharla sé mar ní raibh Gallagher nó Coyle toilteanach bualadh leis.[4]
Bhásaigh Dr. Herrema ar 27 Aibreán 2020. Bhí sé 99. D'éag a bhean, Elisabeth, seachtain roimhe sin.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads