Fuinneamh dorcha

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Fuinneamh aineoil is ea an fuinneamh dorcha i gcosmeolaíocht fhisiciúil agus i réalteolaíocht; tá sé le fáil ar fud an spáis agus tá claonadh aige chun leathnú na cruinne a ghéarú de réir dhlí Hubble.[1][2] Is í teoiric an fhuinnimh dhorcha is fearr a dhearbhaíonn na grinnithe a rinneadh ó na 1990idí i leith, grinnithe a thaispeánann go bhfuil leathnú na cruinne ag brostú.[3]

Má dhéantar talamh slán de go bhfuil bunus le samhail chomhréireachta na cosmeolaíochta, cuireann na tomhais is fearr in iúl go bhfáisctear 68% den fhuinneamh sa chruinne inbhraite as an bhfuinneamh dorcha.[4][5][6][7] Tá dlús an fhuinnimh dhorcha an-íseal (~ 7 × 10−30 g/cm3), i bhfad níos ísle ná dlús an ghnáthdhamhna nó an fhuinnimh dhorcha laistigh de réaltraí. Ach tá tábhacht ar leith leis i maisfhuinnimh na cruinne toisc go bhfuil sé aonfhoirmeach trasna an spáis.[8][9][10] Maítear go bhfuil dhá chineál fuinnimh dhorcha ann: an chomhréireacht chosmeolaíoch a líonann an spás go haonchineálach mar dhlús buan fuinnimh,[11][12] agus réimsí scálacha ar nós saineisinte nó moduli, cainníochtaí dinimiciúla ar féidir lena ndlús fuinnimh athrú san am agus sa spás.

Ó tá cosmeolaíocht na comhréireachta ag brath ar shamhail shimplí, creidtear[13] go bhféadfaí fáil réidh le teoiric an fhuinnimh dhorcha dá dtabharfaí cuntas níos beaichte ar na struchtúir atá le fáil ar gach scála sa chruinne.[14]

Remove ads

Nótaí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads