Gearóid Mac Spealáin
scríbhneoir agus staraí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Scríbhneoir agus staraí ba ea Gearóid Mac Spealáin (1904–1975).[1]
Óige
Rugadh Mac Spealáin i gCathair Luimnigh i mí an Mheithimh 1904. B'úmadóir as Mainistir Uaithne é a athair, Micheál Spenser. Ellen Corbett an t-ainm a bhí ar a mháthair. Cailleadh Micheál nuair a bhí Gearóid an-óg.
Oideachas
D'fhreastail sé ar scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Seasnáin agus d'éirigh go maith leis: san Ardteistiméireacht, fuair sé an chéad áit sa tír. Rinne Mac Spealáin cúrsa BA i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1923-24) agus Dubhghlas de hÍde mar ollamh aige. Bhain sé céim mháistir amach ina dhiaidh sin.
Múinteoir agus cigire
Chaith sé tréimhse mar oide scoile i Luimneach, ach ceapadh é ina chigire scoile sa bhliain 1930. Sa bhliain 1937, d'éirigh sé as an bpost sin agus chuaigh sé i mbun scríbhneoireachta.
Scríbhneoireacht
Is iomaí aistriúchán a rinne Mac Spealáin ar leabhair scoile. Scríobh sé drámaí do pháistí freisin. Is ar a leabhair staire is mó a sheasann a chlú, áfach. Foilsíodh Cathair Luimnigh I & II sa bhliain 1950, Uí Cairbre Aobhdha sa bhliain 1960 agus Stair Aos Trí Muighe sa bhliain 1967. Bhíodh Mac Spealáin ag obair mar mhúinteoir i gColáiste Bhréanainn i mBaile an Bhuinneánaigh chuile shamhradh agus foilsíodh Ar Chamachuaird laisteas den tSionainn sa bhliain 1965. Theip an tsláinte air ina dhiaidh sin, go mór mhór radharc na súl, agus cailleadh sa bhliain 1975 é. Bhí a shaothar deireanach, Stair Uí Chonaill Gabhra (a foilsíodh sa bhliain 2004) críochnaithe aige i láimhscríbhinn.
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads