Giovanni Angelo Becciu

ardeaspag Caitliceach agus taidhleoir From Wikipedia, the free encyclopedia

Giovanni Angelo Becciu
Remove ads

Cairdinéal Iodálach agus feileon ciontaithe is ea Giovanni Angelo Becciu (a rugadh ar an 2 Meitheamh 1948). Ciontaíodh i gcalaois é sa bhliain 2023.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhíodh Becciu tráth ina chomhairleoir ag an Phápa Proinsias. Bhí sé ina bhall den Diacaistir Canónaithe Naomh[2] (Cúirt na Róimhe).

Thumb
2013
Remove ads

Cúbláil

Sa bhliain 2021, cuireadh cúiseanna éagsúla i leith deichniúr - ceannairí airgeadais, dlíodóirí agus iar-oibrithe de chuid na Vatacáine - ina measc calaois, sciúradh airgid agus mí-úsáid cumhachta. Bhain an cás le €350 milliún a caitheadh ar réadmhaoin i gceantar Chelsea i Londain mar chuid de scéim infheistíochta a thosaigh in 2014 ach a chosain na milliúin Euro sa bhreis ar an Vatacáin.

Shéan an deichniúr uilig na cúiseanna. B'é Becciu an t-oifigeach is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach a cuireadh ar a thriail i gcúirt de chuid na Vatacáine.

Cuireadh tús leis an triail sa bhliain 2021. Idir 2021-2023 shuigh an chúirt 86 uair le héisteacht leis an bhfianaise.[1]

Ar 16 Nollaig 2023, ghearr Cúirt na Vatacáine cúig bliana go leith príosúin ar Becciu as na milliúin Euro a chúbláil.[3]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads