Google Chrome

From Wikipedia, the free encyclopedia

Google Chrome
Remove ads

Is brabhsálaí gréasáin dílsithe trasardáin é Chrome a d’fhorbair Google ó 2008 i leith, bunaithe ar an tionscadal Chromium saor in aisce atá ar siúl ar na córais oibriúcháin Windows, Mac, Linux, Android agus iOS.

Fíricí Gasta Cineál, Bunaithe ar ...

Fógraíodh é ar an 11 Meán Fómhair 2008, an lá sular scaoileadh an chéad leagan béite. Nochtadh an chéad leagan cobhsaí ar an 11 Nollaig 2008. De réir na hinstitiúide StatCounter, ba é Google Chrome an brabhsálaí is mó a úsáidtear ar domhan i Meitheamh 2012, le thart ar an tríú cuid d'úsáideoirí ar fud an domhain. Ó Mhárta 2021, tá a sciar den mhargadh níos mó ná 65% nuair a chuirtear gach ardán san áireamh.

Remove ads

Forbairt

Bunaithe ar an tuairim go bhfuil an t-am a chaitear ar an idirlíon ag méadú i gcónaí, chinn Google brabhsálaí a chruthú atá tapa, dinimiciúil agus nuálach, d'fhonn am a shábháil ar thaobh amháin, ach freisin a oiriúnú d'ábhar na leathanach gréasáin a fhorbraíonn agus a éiríonn níos casta bliain i ndiaidh bliana.[1] Go deimhin, níl sé i gceist gur brabhsálaí simplí a bheadh i Chrome, ach bogearra atá ceaptha chun feidhmiú na seirbhísí ar líne a bharrfheabhsú agus, ar deireadh thiar, chun néalríomhaireacht a chur chun cinn.[2]

Ceadúnas

Ní bogearra foinse oscailte é Google Chrome.[3] Tá na comhaid dhénártha oifigiúla faoi réir Chomhaontú um Cheadúnas Úsáideora Deiridh (EULA).[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads