Duaiseanna an Acadaimh

From Wikipedia, the free encyclopedia

Duaiseanna an Acadaimh

Is ionann Duaiseanna an Acadaimh, Gradaim an Acadaimhna hOscair,[1] agus gradaim a bhronnann an tAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain, chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí.

Thumb
Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929
Thumb
31ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 1959.
Thumb
81ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 2009.

Déantar é seo ag searmanas bronnta gach uile bhliain, i mí an Mhárta de ghnáth. Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.

Bronntar deilbhín óir (cré-umha teilgthe agus plátáilte le hór i ndáiríre) ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Rinne an dealbhóir George Stanley an chéad cheann[2] as sceitse de chuid Cedric Gibbons.[3]

Stair

Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929. Reáchtáladh an ócáid san Ostán Roosevelt i Hollywood agus 270 i láthair. Mhair an searmanas cúig nóiméad déag. Bhronn Douglas Fairbanks Oscar ar Janet Gaynor, banaisteoir. Bronnadh Oscar "an t-aisteoir is fearr" ar Emil Jannings[4] in absentia; Naitsíoch cruthanta ba ea é agus d'fhill sé go dtí an Ghearmáin roimh an ócáid, a dheilbhín óir faoina ascaill aige.[5] $5 ba ea luach an dinnéir (b’fhéidir $100 inniu) agus d'ith an lucht scannánaíochta sicín gríosctha ar phíosa tósta, pónairí agus prátaí.[6]

Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).

Bhí conspóid ag Gradaim an Acadaimh 2022 nuair a bhuail an t-aisteoir Will Smith an fuirseoir Chris Rock tar éis dó jóc a insint faoina bhean chéile Jada Pinkett-Smith.[7]

Níor éirigh le An Cailín Ciúin an gradam don scannán i dteanga nach í an Béarla í a thabhairt leo sa bhliain 2023. Bhí dóchas ag na Gaeil go dtabharfadh an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh dá leithéid de ghradam an duais mhór thar Atlantach abhaile.[8]

Rialacha

Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar i mí Aibreán 2025.[9]

Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin.

Mar thoradh ar riail eile, is féidir scannáin atá ag brath ar intleacht shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht na n-aisteoirí sa phróiseas roghnúcháin.[10] [11]

Naisc sheachtracha

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.