Griogair Labhruidh
amhránaí traidisiúnta Gaelach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is amhránaí traidisiúnta Gaelach é Griogair Labhruidh le stíl na nOileán Siar agus Earra-Ghàidheal. Is píobaire an-tréitheach agus cumadóir ceoil na bpíopaí araon le ceoil agus filíochtacha.
Baineann Griogair le teaghlach na Labhraic ó Cheann a'Tuath, Earra-Ghàidheal; teaghlach ar a bhfuil clú agus cáil in Albain don cheol Gaelach, agus cé gur tógadh é ar thaobh Loch Laomainn bhí sé tumtha i dtraidisiúin a mhuintir óna chuid óige. Tá canúint, oidhreacht agus ceol uathúil ag baint leis an dúiche as a dtáinigh sé, cultúr leis an iliomad amhráin, foinn agus scéalta. Bhí mórán amhránaithe, píobairí agus scéalaithe i measc a shinsear ar dhá thaobh don teaghlach aige (tá ceangail le hEarra-Ghaidheal agus an tOileán Sgitheanach ar thaobh a mháthair de freisin) agus sheol athair Ghriogair an traidisiún píobaireachta ar aghaidh chuig a mhac, a d'fhág an ceol Gaelach mar chuid lárnach dá shaol agus é ag fás aníos.
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads