Gruth
táirge déiríochta From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Faightear gruth trí bhainne a théachtadh i bpróiseas ar a dtugtar gruthú. Úsáidtear an toradh mar tháirge inite déiríochta é féin, nó sa chéad chéim i ndéanamh cáise.[1] Is féidir an téachtadh a chur i bhfeidhm trí binid, nó aon substaint aigéadach inite (ar nós sú líomóide nó fínéagar), a chur le bainne. Mar gheall ar an méadú ar aigéadacht, tagann na próitéiní bainne (cáiséin) le chéile ina bpíosaí soladacha ar a dtugtar gruth. Cruthaítear gruth freisin nuair a ligtear do bhainne géarú (bainne amh nó bainne paistéartha a gcuirtear baictéir lachtaigéid leis), agus táirgtear cáis bhainne ghéir sa chaoi seo.

Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads