Haumea

From Wikipedia, the free encyclopedia

Haumea
Remove ads

Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea (siombail: 🝻),[21] de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin.

Fíricí Gasta Ainmniú sealadach, Cineál ...
Thumb
Remove ads

Stair

Ba iad Mike Brown agus a fhoireann i Réadlann Palomar, Institiúid Teicneolaíochta California (Caltech), ba thúisce a d'aithin í, thiar sa bhliain 2004. Sa bhliain 2005, tháinig an scéala ó fhoireann réalteolaithe eile - foireann a bhí ag obair i réadlann Sierra Nevada sa Spáinn faoi cheannas José Luis Ortiz Moreno - go raibh siad tar éis sonrú a chur i Haumea freisin. Ach níor tugadh aitheantas coitianta don fhionnachtain sin ag an am.

Ar an 17 Meán Fómhair 2008, d'aicmigh Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. Haumea mar abhacphláinéad.

Fuair an abhacphláinéad a ainm ó bhandia na breithe i seanreiligiún mhuintir Haváí.

Tá déanamh fadaithe ar Haumea, agus an chuma ar an scéal gurb é an rothlú luath a chuir as riocht na liathróide í. Tá dhá shatailít aici, mar atá, Hiʻiaka agus Namaka. Fuarthas ainmneacha na ngealach ó mhiotaseolaíocht mhuintir Haváí freisin.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads