Henry Salt

From Wikipedia, the free encyclopedia

Henry Salt
Remove ads

Taidhleoir agus Éigipteolaí ab ea Henry Salt (14 Meitheamh 178030 Deireadh Fómhair 1827).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
Na Pirimidíː 'Twenty-four Views taken in St. Helena, the Cape, India, Ceylon, Abyssinia, and Egypt, by Henry Salt;', 1809[1]
Remove ads

Saol

D'fhás Salt suas i Lichfield, Sasana.

Sa bhliain 1815 ceapadh Salt mar phríomhchonsal Briotanach i gCaireo. Ba ghearr go raibh sé féin agus Bernardino Drovetti, an consal Francach, ag dul in adharca a chéile, agus iad araon ag iarraidh seandachtaí Éigipteacha a fháil ar ais nó ar éigean. Bhí gach duine acu ag brath ar dhiograiseoirí eile: bhí an sceitseálaí Frédéric Cailliaud agus an dealbhóir Jacques Rifaud ag cuidiú le Drovetti agus d’fhostaigh Salt Giovanni Battista Belzoni.

Chuir Salt tochailt á déanamh sa Téibh agus in Abú Simbel; é oilte ar léamh na n-iarglaifí agus bua na healaíne aige, rud a chuaigh ar sochar dó agus é ag léiriú a bhfaca sé ag taisteal dó.

Bhailigh sé a lán seandachtaí agus déantúsáin, agus é san Éigipt, go háirithe ceann Raimséas II (a taispeánadh in Iarsmalann na Breataine)[2] agus sarcafagas Raimséas III (ar cheannaigh an Louvre é).

Cailleadh Salt i Desouk san Éigipt. Tá sé curtha i gCathair Alastair.

Remove ads

Taighde

  • Manley, Deborah agus Reé, Peta, Henry Salt: Artist, Traveller, Diplomat, Egyptologist. ISBN 190196503x

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads