Henryk Sienkiewicz

scríbhneoir, úrscéalaí, iriseoir agus daonchara Polannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Henryk Sienkiewicz
Remove ads

Scríbhneoir clasaiceach Polannach ab ea Henryk Adam Aleksander Pius Sienkiewicz, nó Litwos, a saolaíodh i Wola Okrzejska ar an 5 Bealtaine 1846 agus a fuair bás i Vevey, an Eilvéis, ar an 15 Samhain 1916.[1]

Thumb
Muzeum Henryka Sienkiewicza w Oblęgorku[2]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
Lublin Voivodeshipː ar dheis, Wola Okrzejska, áit a d'fhás sé

Bhí an-ráchairt ar a chuid scríbhinní timpeall ar chasadh an chéid. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1905.

Bhí máistreacht aige ar an urscéal stairiúil agus eipiciúil. Is fearr aithne ar an leabhar, Quo Vadis nó "Cá bhfuil do thriall?" (1896).[3] Galar corónach croí ba thrúig bháis dó ar an 15 Samhain 1916 (in aois 70 dó) i Vevey, san Eilvéis.

Remove ads

Saothar

Úrscéalta

An tríológ stairiúil (Trylogia):

  • Ogniem i mieczem ("Le tine is le claíomh", 1884)
  • Potop ("An Tuile", 1886)
  • Pan Wołodyjowski ("An tUasal Wołodyjowski", 1888)

Úrscéalta eile:

  • 1891 Bez dogmatu ("Gan dogma")
  • 1894 Rodzina Połanieckich ("Muintir Połaniecki")
  • 1896 Quo vadis ("Cá bhfuil do thriall")
  • 1900 Krzyżacy ("Na Crosáidirí")
  • 1906 Na polu chwały ("I Machaire an Áir")
  • 1910 Wiry
  • 1912 W pustyni i w puszczy
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads