Herman Cain

fear gnó Meiriceánach (1945–2020) From Wikipedia, the free encyclopedia

Herman Cain
Remove ads

B'fheidhmeannach gnó Meiriceánach é Herman Cain (13 Nollaig 194530 Iúil 2020). Is mar uachtarán ar Godfather’s Pizza, fo-chomhlacht de chuid Pillsbury, a bhí aithne air, ach d’éirigh leis i neart gnéithe eile dá shaol óna chuid staidéar ar an matamaitic san ollscoil go dtí craoladh a chuid smaointeoireachta ar na meáin chumarsáide. Rinne Cain iarracht ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh a fháil don uachtaránacht sa toghchán ginearálta sa bhliain 2012. Ar feadh tamaill, bhí Cain ar an mbeirt chun tosaigh sna pobalbhreitheanna i measc daoine a chlaonann i dtreo an Pháirtí Poblachtánaigh: go ginearálta, d'éirigh go maith le Cain i measc lucht an "Tea Party" i gcomparáid le Mitt Romney, a rinne go maith i measc na bPoblachtánach traidisiúnta.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

I Memphis, Tennessee a rugadh Herman Cain ach ba in Atlanta, Georgia a d’fhás sé aníos. Ba iad Lenora Cain (née Davis) agus Luther Cain, Jr. a thuismitheoirí. Obair uiríseal a rinne siad ach d’éirigh leo a dteach féin a cheannach. Teaghlach "bocht sonasach" iad dar le Cain.

Ar 21 Bealtaine 2011, d’fhógair Cain go hoifigiúil go raibh sé ar lorg ainmniúcháin an Pháirtí Phoblachtaigh don uachtaránacht, cé nár toghadh é riamh do phost polaitiúil. Cuid thábhachtach san fheachtas sin aige ná an Plean 9-9-9. Faoin bplean úd, d’íocfadh gnólachtaí 9% as a gcuid gnóthaí mar cháin, d’íocfadh daoine 9% mar cháin ioncaim phearsanta agus d’íocfaí 9% mar cháin náisiúnta ar dhíolacháin. Go déanach sa bhliain 2011, chuir beirt bhan mí-iompar gnéasach ina leith.[1] Ar an 3 Nollaig 2011, i ndiaidh titim dó sna pobalbhreitheanna, chuir Herman Cain a fheachtas uachtaránachta ar ceal.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads