Herman Dreer

údar Afra-Mheiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Herman Dreer
Remove ads

Oideachasóir, údar, agus ministir Meiriceánach ab ea Herman Dreer (1888–1981). Bhí sé ina cheannaire ar an ngluaiseacht ar son cearta sibhialta d'Afrai-Mheiriceánaigh; i measc gníomhaíochtaí eile, d’oscail sé coláiste agus bhunaigh sé banc don phobal Afrai-Mheiriceánach in St. Louis, Missouri.[1][2][3][4]

Thumb
Teach Herman S. Dreer
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Rugadh Dreer ar 12 Meán Fómhair 1888 in Washington, D.C. Bhain sé céim bhaitsiléara amach ó Choláiste Bowdoin in Brunswick, Maine, céim mháistreachta ó Chliarscoil Diagachta Virginia, agus Ph.D. sa tsocheolaíocht ó Ollscoil Chicago sa bhliain 1955.[5] Phós sé Mary Thomas sa bhliain 1912 agus bhí beirt iníonacha acu. Chuir siad fúthu in St. Louis i 1914.[5]

Chonaic sé an easpa deiseanna oideachais a bhí ag an bpobal Afrai-Mheiriceánach i gcathair St. Louis. Dá bharr sin, bhí ról lárnach aige i mbunú Ollscoil Douglass i 1935, Coláiste Stowe (coláiste oiliúna múinteoirí) i 1940, agus throid sé ar son imeascadh ciníocha in Ollscoil Washington in St. Louis sna 1940idí.[5]

Scríobh Dreer do pháipéir nuachta agus d'iris darb ainm “Negro History” a bhunaigh Carter G. Woodson. Scríobh sé dhá úrscéal, agus chuir sé cnuasach de scríbhinní Afrai-Mheiriceánacha in eagar.[1] Bhí sé ina mhinistir in King's Way Baptist Church ó 1950 go 1970.[5]

Cuireadh an teach a cheannaigh sé ó fhorbróir (4335 Cote Brilliante Avenue, St. Louis) ar Chlár Náisiúnta na nÁiteanna Stairiúla in 2009.

Tá bailiúchán dá chuid páipéar i gcartlann ag an State Historical Society of Missouri.[6]

Remove ads

Scríbhinní

  • “Negro Leadership in St. Louis: A Study in Race Relations”, tráchtas Ph.D.
  • The History of Omega Psi Phi Fraternity: A Brotherhood of Negro College Men, 1911 to 1939
  • The Immediate Jewel of His Soul, a romance, úrscéal[7]
  • The Tie That Binds, úrscéal [8]
  • American Literature by Negro Authors, eagarthóir [9]
  • Sunrise: a drama in four acts
  • “What Does the Innocent Teacher Impart as History?” [10]

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads